News | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Irish News

  • Dúshláin go leor sa luathoideachas Gaeltachta agus Gaeilge
    25 JUNE 2019 : 18:08

    Dúshláin go leor sa luathoideachas Gaeltachta agus Gaeilge

    Ba chóir don Roinn Oideachais agus Scileanna polasaí faoi luathoideachas Gaeltachta agus Gaeilge a aontú agus a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir, dar leis an gComhchoiste Oireachtais ar Chúrsaí Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.

  • Ráiteas eacnamaíochta an Rialtais foilsithe ag an Aire Airgeadais Paschal Donohoe
    25 JUNE 2019 : 15:57

    €2.8 billiún le caitheamh sa Bhuiséad i mí Dheireadh Fómhair

    Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe go mbeidh €2.8 billiún le caitheamh sa Bhuiséad i mí Dheireadh Fómhair.

  • RTÉ, Domhnach Broc
    25 JUNE 2019 : 14:32

    Easnamh glan de €13 milliún ag RTÉ sa bhliain 2018

    Bhí easnamh glan de €13 milliún ag RTÉ sa bhliain 2018, a deirtear i dtuarascáil bhliantúil na heagraíochta.

  • Stailc sa tseirbhís sláinte fós le dul chun cinn
    25 JUNE 2019 : 11:34

    Stailc sa tseirbhís sláinte fós le dul chun cinn

    Dúirt dochtúir comhairleach in Ospidéal Ollscoile Shligigh go gcuirfear as go mór do na seirbhísí éigeandála amárach má théann na hoibrithe tacaíochta sa tseirbhís sláinte chun cinn leis an stailc 24 uair an chloig atá beartaithe acu amárach.

  • John Deasy TD
    25 JUNE 2019 : 11:31

    Vóta mímhuiníne i dTeachta Dála Fhine Gael John Deasy

    Ghlac baill d'Fhine Gael d'aon ghuth aréir le vóta mímhuiníne sa Teachta Dála i bPort Láirge John Deasy.

  • Ashling Thompson
    25 JUNE 2019 : 15:58

    €6,000 le híoc ag imreoir camógaíochta Ashling Thompson

    Tá foláireamh tugtha ag breitheamh don imreoir camógaíochta Ashling Thompson go gcuirfí chun príosúin í mura n-íocfaidh sí suim airgid le beirt bhan a d'ionsaigh sí agus le heagraíochtaí carthanachta do mhná faoi Mheán Fomhair seo chugainn.

  • 25 JUNE 2019 : 13:52

    Fíneáil €300,000 faoi phléasc ar bhásaigh fear dá bharr

    I gCúirt Chuarda an Aonaigh i gCo Thiobraid Árann, gearradh fíneáil €300,000 ar an gcomhlacht bonneagair Balfour Beatty CLG faoi reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta a shárú ar bhásaigh fear dá bharr. Phléadáil an comhlacht ciontach sa chúis.

  • Cosc ar shnámh ar roinnt tránna i mBaile Átha Cliath
    25 JUNE 2019 : 10:55

    Cosc ar shnámh ar roinnt tránna i mBaile Átha Cliath

    Tá cosc ar dhaoine dul ag snámh ag roinnt tránna i mBaile Átha Cliath mar gheall go ndeachaigh an t-ionad fuíolluisce sa Rinn thar maoil nuair a rinne sé báisteach throm le gairid.

  • An tAire Airgeadais, Paschal Donohoe
    25 JUNE 2019 : 09:55

    Treoirlínte don Bhuiséad le foilsiú i ráiteas samhraidh

    Foilseoidh an Rialtas Ráiteas Eacnamaíochta an tSamhraidh inniu ina leagfar amach treoirlínte do Bhuiséad na bliana seo chugainn agus pléifear an cháipéis sa Dáil tráthnóna

  • Aonach ársa Chrosaire Chnoc Uarchoille (Fhuar-Choille) ar siúl i gContae an Chláir inniu
    26 JUNE 2019 : 07:20

    Aonach Chrosaire Chnoc Uarchoille i mbaol na géarchéime árachais

    Tá sé ráite ag lucht eagruithe an Aonaigh stoc is ársa in Éireann, go bhfuil costas árachais á gcur i mbaol. Tá meadú 100% tagtha ar chostas an árachais le bliain amháin anuas - méadú nach mbeidh ar a gcumas a sheasamh má leanann sé.

  • Tá cead tugtha le foirgneamh ilstórach 15 urlar a thógaint i lár sean-chathair Chorcaí. sé beartaithe 'An Prism' a thógáil i seancheathrú na cathrach taobh le Abha na Lao
    24 JUNE 2019 : 17:19

    Cead tugtha le hilstórach 15 úrlár a thógaint i gCorcaigh

    Tá cead pleanála tugtha ag an mBord Pleanála le hilstórach spéire, 15 urlár, a thógáil i gCathair Chorcaí. Tá sé beartaithe 'An Prism' a thógáil i seancheathrú na cathrach taobh le Abha na Laoi. Meastar go gcosnóidh an fhorbairt suas le €20 milliún.

  • Stailc 10,00 oibrí cúltaca na seirbhísí sláinte Dé Ceadaoin. Theip ar chainteanna idir SIPTU agus bainistíocht na Feidhmeannachta Seirbhíse Sláinte
    24 JUNE 2019 : 16:11

    Stailc10,000 oibrí cúltaca sláinte le dul ar aghaidh

    Beidh 10,000 oibrí tacaíochta sláinte ag dul ar stailc Dé Céadaoin mar gur theip ar na cainteanna idir an Cheardchumann SIPTU agus lucht na bainistíochta i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

  • Manus Kelly lena bhean Bernie taca an ama seo an mhí seo caite nuair a tofadh ina Chomhairleoir Contae i mBardas Leitir Ceanainn é. Bheadh sé féin agus a bhean 15 bliain pósta amárach
    24 JUNE 2019 : 15:42

    Fiosrúchán faoi bhás Manus Kelly fós ar bun

    Tá fiosrúchán ag leanúint ar aghaidh go fóill ag Club Mótarspóirt Dhún na nGall agus Mótarspórt Éireann faoin chúis a bhí leis an timpiste inár maraíodh an tiománaí railí Manus Kelly sna staideanna deireannacha de Railí Idirnaisiúnta Dhún na nGall inné.

  • A chuid moltaí maidir le rialú ar na meáin shóisialta foilsithe ag Údarás Craolacháin na hEireann
    24 JUNE 2019 : 14:27

    Moltaí foilsithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann

    Tá Údarás Craolacháin na hÉireann tar éis a chuid moltaí a fhoilsiú maidir le rialú a dhéanamh ar ábhar dochrach ar na meáin dhigiteacha. Ach tá ceisteanna tarraingthe maidir le oiriúnacht an Údaráis Chraolacháin don dualgas sin.

  • 12 bliain príosúin gearrtha ar Patrick Nevin, 37 as éigniú agus ionsí gnéis.
    24 JUNE 2019 : 14:09

    12 bliain príosúin gearrtha ar ionsaitheoir gnéis Nevin

    Gearradh 12 bliain príosúin ar Patrick Nevin, 37, sa bPríomh-Chúirt Choiriúil as bean amhain a éigniú agus ionsaí gnéis a dhéanamh ar bhean eile i ndiaidh dó casadh orthu beirt ag baint leas as an aip Tinder.

  • Fear cúisithe i ndúnmharú Jordan Davis, 22 (thuas). Cuireadh Wayne Cooney, 28 siar faoi choinneáil go dtí an Aoine seo chugainn, tráth a dtabharfar os coimhair Cúirt Dhúiche Chnoc na Seamar é
    24 JUNE 2019 : 11:30

    Fear cúisithe i ndúnmharú Jordan Davis Darndál

    Tá fear cúisithe i ndúnmharú Jordan Davis, 22 a maraíodh i nDarndál, Bhaile Átha Cliath an mhí seo caite. Tugadh Wayne Cooney, 28, as Céide Ghleann Seáin, Tamhlacht os comhair Cúirt Dhúiche Bhaile Átha Cliath ar maidin.

  • Páras le linn an bhrothaill anuraidh - é tuartha go sroichfidh an teocht 47C roimh dheireadh na seachtaine seo
    24 JUNE 2019 : 11:09

    Rabhadh teochta do thíortha na mór-roinne - Éire ina measc

    Tá mór-roinn na hEorpa á réiteach féin do racht brothaill. Tuairiscítear go bhfuil seirbhísí meitéareolaíochta na hEorpa ag tabhairt foláirimh go soichfidh an teocht 40C de bharr sruth aeir the ó thuaisceart na hAifirce an Eoraip faoi lár na seachtaine

  • Manus Kelly, 39 a maraíodh i dtimpiste le linn staid ar Cheann Fhánaide de Railí Idirnaisiúnta DHún na nGall inné.
    24 JUNE 2019 : 08:50

    Comhbhrón déanta le clann Mhanus Kelly a maraíodh inné

    Tá a mbris á chású le muintir an chomhairleora Manus Kelly a maraíodh i dtimpiste ag Railí Idirnáisiúnta Dhún an nGall inné. Toghadh é mar chomhairleoir contae i gceantar bardais Leitir Ceainainn d'Fhianna Fáil an mhí seo caite.

  • Tuilleadh smachtbhannaí le gearradh ag Meiriceá ar an Iaráin
    24 JUNE 2019 : 09:18

    Tuilleadh smachbhannaí le gearradh ag Meiriceá ar an Iaráin

    Tá Meiriceá le tuilleadh smachtbhannaí a chur ar an Iaráin inniu. Tá teannas idir an dá thír ó déanadh ionsaí ar 2 bhád mhóra ola i Murascaill Óman le gairid - ionsaí a bhfuil Meiriceá ag cur an mhilleáin faoi ar an Iaráin agus rud atá séanta acusan.

  • Claidhreacht curtha i leith Boris Johnson ag a chéile comhraice Jeremy Hunt
    24 JUNE 2019 : 10:09

    "Claidhreacht" curtha i leith Boris Johnson ag Jeremy Hunt

    Tá sé curtha i leith Bhoris Johnson ag a chéile comhraic le post na ceannaireachta a fháil sa bPáirtí Caomhach, Jeremy Hunt gur cladhaire é agus é ag iarraidh iniúchadh poiblí a sheachaint.

  • 350 post nua fógartha ag Amber - comhlacht teicneolaíochta atá lonnaithe i gColáiste na Trionóide. Ta 1,100 ag obair dóibh cheana féin
    24 JUNE 2019 : 13:19

    350 post nua fógartha i mBaile Atha Cliath

    Tá sé fógraithe ag an gcomhlacht taighde teicneolaíochta, AMBER go bhfuil siad le 350 duine eile a fhostú sa gceanncheathrú atá acu i gColáiste na Trionóide i mBleá Cliath as seo go ceann 6 bliana.

  • Iascach Intíre Éireann agus iascairí slat araon ar Abha na Ruibhe in Uachtar Ard buartha faoi ghalar ar bhradáin
    24 JUNE 2019 : 18:26

    Galrú bradán ina údar imní d'iascairí slat

    Tá Iascach Intíre Éireann agus Foras na Mara ag obair as lámha a chéile len' fháil amach céard is cúis le haicídí atá ag baint do bhradáin in aíbhneach ar leith sa tír.

  • Cás lán le seod fístéipeanna 16mm a fritheadh in áiléar tí i gCluain Meala. Tá cur síos ar nósmhaireachtaí feirmeoireachta, tuaithe agus fiú fís de chorónú an Rí Seoirse VI ón bhliain 1937
    21 JUNE 2019 : 11:36

    Seod staire - cás lán le fístéipeanna ón chéad seo caite

    Tá cnuasach mór scannáin físe a bhí taifeadtha i dtús an chéid seo caite faighte i dteach i dTiobraid Árann. Baineann na fiseáin le teaghlach de chuid na dtiarnaí talún tráth i gceantair Dhúrlas Eile.

  • Na hAbhcóidí Séamus Ó Tuathaill agus Daithí Mac Cárthaigh le Diarmaid Ó Cadhla i ndiaidh dóibh cás Dhiarmada a bhuachaint san Ard-Chúirt inné
    21 JUNE 2019 : 17:06

    Caithfear gníomhú ar bhreith na hArd-Chúirte - aturnae Delap

    Deir aturnae go bhfuil breithiúnas na hard-cúirte i leith na Gaeilge inné, ar an mbreithiúnas is tábhachtaí a bhaineann le stádas na Gaeilge sa gcóras cúirte le breis is 30 bliain anuas.

  • Soláthraí: Nuacht RTÉ/TG4

Advertisement