Ceol ón Chlann | Clann Ceolmhar | Ceol Traidisiúnta na hÉireann | TG4 Skip to main content
Menu

Ceol ón Chlann

Domh
10.30pm
     

Muintir Gavin
Dé Domhnaigh @ 10.30pm

Fógraíocht

Clann Mhic Ruairí 3-1

Rátáil Tuismitheora: G

I Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill a tógadh Clann Mhic Ruairí áit ar tháinig ceol agus scéalta a muintire anuas leis na glúnta. Thuig siad agus iad ag éirí aníos go raibh tábhacht ar leith leis an gcultúr a bhí ina measc agus bhunaigh siad an grúpa Clann Mhic Ruairí. Creideann siad go láidir i gcaomhnú agus i gcur chun cinn thraidisiún amhránaíochta Rann na Feirste agus an tábhacht a bhaineann leis an traidisiún seo a thabhairt ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile.

Chéad Taispeántas: 13 Ean

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Ceol ón Chlann – Sraith 3

Sraith a thugann léargas ar chlanna ceolmhara.
 


 

Clár 1: Clann Mhic RuairíFéach Siar ar an Seinnteoir
I Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill a tógadh Clann mhic Ruairí áit ar tháinig ceol agus scéalta a muintire anuas leis na glúnta. Thuig siad agus iad ag éirí aníos go raibh tábhacht ar leith leis an gcultúr a bhí ina measc agus bhunaigh siad an grúpa Clann Mhic Ruairí. Creideann siad go láidir i gcaomhnú agus i gcur chun cinn thraidisiún amhránaíochta Rann na Feirste agus an tábhacht a bhaineann leis an traidisiún seo a thabhairt ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile.
 

Clár 2: Muintir Gavin – Dé Domhnaigh @ 10.30pm
Déantar cur síos sa chlár seo ar mhuintir Gavin as Cor an Dola, Gaillimh. D’fhás Frankie, Seán agus Noreen suas leis an gceol. Bhí teach tábhairne ag a n-athair, áit a mbíodh siad ag éisteacht le ceoltóirí mór le rá. Sheinneadar d’Uachtarán Mheiriceá, J.F. Kennedy, i 1963 nuair a tháinig sé go Gaillimh agus tá cáil an domhain mhóir ar Frankie mar gheall ar an mbaint a bhí aige leis an ngrúpa De Danann a bhunú.
 

 

Físeáin ar Fáil