Finné | Faisnéis | Scéalta Daonna ó Cinnlínte Nuachta | TG4 Skip to main content
Menu

Finné

Céad
21:30
Aoine
mall
     

Nochtfaidh Finné tuilleadh scéalta cumhachtacha –
scéalta faoi fhulaingt, éagóir, fuascailt agus teacht aniar.

Dé Céadaoin @ 21:30

An tseachtain seo – Scéal Paddy Merrigan

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: 16

Seacht mbliana déag a bhí Amy Dunne nó 'Miss D' nuair a casadh le páiste í agus í faoi chúram an Stáit. Bhí briseadh croí i ndán di faraor nuair a d'inis na dochtúirí di go raibh marach ar an bpáiste agus nach mairfeadh sé tar éis teacht ar an saol. Shocraigh Amy ginmhilleadh a fháil ach rinne Feidhmeanacht na Seirbhíse Sláinte tréaniarracht cosc a chur uirthi imeacht as an tír. Thug Amy an Stát chun cúirte agus bhuaigh sí an cás, cás atá fós ar cheann de na cásanna dlí i mó i mbéal an phobail i stair na tíre seo.

Chéad Taispeántas: 16 Dfo

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Finné

Á spreagadh ag cláir faisnéise de chuid Netflix le blianta beaga anuas, tá Finné ar ais ar TG4 don dara sraith. Á léiriú ag Tua Films agus curtha i láthair ag comhfhreagraí RTÉ, Orla O’Donnell, nochtfaidh Finné tuilleadh scéalta cumhachtacha – scéalta faoi fhulaingt, éagóir, fuascailt agus teacht aniar. Inseoidh daoine a bhí i gcroílár chuid de na cásanna coiriúla is mó sa tír a scéal ar a mbealach ionraic féin chun léargas pearsanta agus ar leith a thabhairt don lucht féachana ar an méid a bhain dóibh.

 
Clár 4 – Paddy Merrigan
Bhí Paddy Merrigan in ard a réime ina mharcach rásaíochta capall nuair a bhí sé seacht mbliana déag. Ba dhuine díograiseach, diongbháilte é a tógadh in eastát tithíochta comhairle i mBaile Átha Luain agus ba ghearr go raibh sé ag déanamh airgead mór agus saol an mhadra bháin aige. Ach leis an rachmas, tháinig an drabhlás agus chuaigh an saol ina choinne nuair a chaill sé a dheis dul i bpáirt sa gcapall cáiliúil Souffleur. Seo é scéal Paddy.
 

Físeáin ar Fáil