Grace Harte | Dráma | Cine4 | TG4 | Dráma Éireannach | Gradam Circom Skip to main content
Menu

Grace Harte

Máir
10.30pm
     

Grace Harte, dráma fíorspéisiúil de chuid TG4 faoi bhean in Iarthar na hÉireann atá sáinnithe i bpósadh gan phaisean
Dé Máirt @ 10.30pm

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith 3 eagrán atá suite in óstán in iarthar na tíre, óstán atá ag dul i léig faoi mar atá pósadh na lánúine atá ina bhun. Tá Leo éirithe ó na mairbh agus tá sé ag iarraidh díoltas a fháil ar Danny. Ní chreideann Grace Leo nuair a deir sé gur fhéach Danny é a mharú. Bíonn Grace agus Danny ar tí Éire a fhágáil nuair a thagann ní éigin chun solais a chuirfidh athrú ar chúrsaí go brách.

Chéad Taispeántas: 5 Mei

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Grace Harte

Sraith 3 eagrán atá suite in óstán in iarthar na tíre atá ag titim as a chéile, faoi mar atá pósadh an lánúin atá ina bhun.
Tá Leo agus Grace Harte sna daicheadaí, iad pósta le fada agus i mbun Óstán Harte le tamall maith freisin. Níl bail iontach ar an ngnó agus measann Grace gur cheart dóibh an t-óstán a athchóiriú le borradh a chur faoi agus faoina gcaidreamh freisin, b’fhéidir. B’fhearr le Leo rudaí a fhágáil mar atá.
Tosaíonn an scéal ag deireadh an tséasúir turasóireachta, tráth a dtagann Danny, fear óg fuinniúil, ar an láthair agus scoil nua surfála oscailte aige in aice láimhe, ag breith buntáiste ar an margaíocht atá déanta ag Slí an Atlantaigh Fhiáin don cheantar cósta seo.
Nuair a admhaíonn Grace do Danny go mbíonn scaití ann nuair ab fhearr léi nach mbeadh Leo ina saol ar chor ar bith, téann an fear óg i mbun gnímh lena mharú ach ní mar a shíltear a tharlaíonn.
 

Físeáin ar Fáil