Hector - Ó Siberia go Saigon | Taisteal | Siamsaíocht | TG4 Skip to main content
Menu

Hector – Ó Siberia go Saigon

25/10
9.30pm
     

Cuireann Hector Ó hEochagáin tús
leis an eachtra is mó fós i gcroílár na Sibéire
Ag tosú Déardaoin 25ú Deireadh Fómhair @ 9.30pm

Hector – Ó Siberia go Saigon

Tá an taistealaí is clúití in Éirinn, fear nach mbíonn fuacht ná faitíos air, Hector Ó hEochagáin, ar ais ar TG4 agus é ag tabhairt faoi aistear mór a thosóidh i bhfad ó thuaidh i gcríocha na Sibéire sa Rúis agus a leanfaidh breis is 8000 ciliméadar os cionn sléibhte, trí fhásaigh, aibhneacha agus naoi dtír éagsúla an bealach ar fad chuig cathair nua-aoiseach Ho Chi Minh nó Saigon i Vítneam. I gceann de na réigiúin is lú daonra ar domhan a chuirfear tús leis an aistear is mó, is faide agus is spreagúla ar thug Hector faoi fós. Beidh sé in áit atá 3500 ciliméadar ó Mhoscó, príomhchathair na Rúise, agus atá i gcroílár réigiúin as a bhfuiltear ag díbirt deoraithe agus príosúnaigh leis na mílte bliain. Sea, tá Hector ar ais agus ag cur tús lena thuras is mó i gcroílár na Sibéire.
 

 

Físeáin ar Fáil