Opry le Daniel | Clár Ceol Éireannach | Daniel O' Donnell | TG4 | Ceol Tíre Skip to main content
Menu

Opry le Daniel

Máir
9.30pm
     

Tá Opry ar ais leis an ainm nua ‘Opry le Daniel’
agus á chur i láthair arís ag Daniel O’Donnell
Dé Máirt @ 9.30pm

Fógraíocht

Opry le Daniel 7-1

Rátáil Tuismitheora: G

Tá Opry ar ais leis an ainm nua 'Opry le Daniel' agus á chur i láthair arís ag Daniel O'Donnell. Cuirfidh Daniel clár speisialta in ómós do Johnny Cash i láthair as Fóram na Mílaoise, i nDoire. I measc na ndaoine a bheidh ar stáitse anocht beidh Sandy agus Willie Kelly, Declan Nerney agus Jordan Mogey. Inseoidh siad a gcuid scéalta féin dúinn faoi Johnny Cash agus faoin gcaoi a ndeachaigh sé i bhfeidhm orthu. Beidh neart de cheol Johnny Cash ar an gclár seo chomh maith le míreanna cartlainne.

Chéad Taispeántas: 18 Mfo

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Opry le Daniel

Beidh Ard-Rí an cheoil tíre, Daniel O’ Donnell i mbun ceoil agus cainte le cuid de na ceoltóirí is mó le rá sa cheol tíre. Is í seo an tsraith is fearr fós! Beidh ceoltóirí tíre iomráiteacha ar an ardán linn arís i mbliana: Rita Coolidge, Derek, Pat & Adrian Ryan, Lisa McHugh, Sandy Kelly, Willie Kelly, Declan Nerney, Jordan Mogey, Patrick Feeney, Al Grant, Donna Taggart, Jacqui Sharkey, Niamh McGlinchey, Stuart Moyles, Keelan Arbuckle, Caitlin agus go leor eile.
 
I gClár 2:
Is é Derek Ryan agus a mhuintir as Co. Cheatharlach a bheidh i gcuideachta Daniel ar an gclár seo. Gheobhaidh Daniel agus an lucht féachana léargas ar shaol Derek, Adrian agus Pat Ryan. Casfaidh na deartháireacha cúpla amhrán dúinn in éineacht, ina n-aonar agus in éineacht le Daniel chomh maith.

 

Físeáin ar Fáil