Seal le Dáithí | Siamsaíocht | Comhrá | Agallamh | Dáithí Ó Sé Skip to main content
Menu

Seal le Dáithí

Déar
03.10
     

Clár comhrá arna chur i láthair ag Dáithí Ó Sé.
Ag tosú Déardaoin 03.10 @ 19:30

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Is é Gary Brennan a bheidh i mbun cainte le Dáithí Ó Sé ar an gclár. Iománaí le Baile Aodha a d'imir i gCluiche Ceannais Chlubanna na hÉireann in 2017 ach ar fearr aithne air mar pheileadóir le Contae an Chláir. D'imir sé faoi Pháidí Ó Sé, a thug deis dó le foireann sinsear an Chláir in 2007, agus faoi Mick O'Dwyer, a rinne captaen dó ar Chontae an Chláir in 2013. Múinteoir Gaeilge agus Corpoideachais is ea Gary i gColáiste Fhlannáin Naofa, fear atá cáilithe ina thraenálaí pearsanta chomh maith.

Chéad Taispeántas: 29 Lun

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Seal le Dáithí

Dáithí Ó Sé a chuireann an tsraith ‘Seal le Dáithí’ i láthair. Beidh dreas comhrá aige gach seachtain le haoi difriúil a inseoidh scéal a mbeatha dó agus iad ag caitheamh ‘Seal le Dáithí’. I measc na n-aíonna sa tsraith nua a bheidh ag tosú Déardaoin an 3 Deireadh Fómhair, tá Príomhfheidhmeannach Trócaire, Príomhfheidhmeannach Institiúid Margaíochta na hÉireann, cumadóirí is scríbhneoirí, amhránaithe, pearsantachtaí spóirt, dornálaí a bhfuil bonn Eorpach buaite aige atá ag díriú ar na Cluichí Oilimpeacha, oiliúnóir gairmiúil i scileanna sléibhe agus iar-Aire Stáit atá anois ina shagart.
 

 

Físeáin ar Fáil