Taithí gan Teorainn | Faisnéis Taisteal | Sraith Teilifíse | TG4 Skip to main content
Menu

Taithí gan Teorainn

Domh
8.30pm
Céad
7.30pm
     

Rachaidh Rónán agus Ann, feirmeoirí as Ciarraí, chuig an gCirgeastáin
Dé Domhnaigh @ 8.30pm

Fógraíocht

Taithí gan Teorainn 1-1

Rátáil Tuismitheora: G

Rachaidh na cócairí as Éirinn, Pádraig Ó Neachtain agus Cian Ó Tuairisg chuig an Deilí Nua san India chun taithí gan teorainn a fháil sna cistineacha agus ar na stainníní bia ansin. Beidh siad ag obair leis an gcarthanacht 'Feeding India', a bhailíonn bia gan ithe ó bhialanna agus a roinneann ar leanaí i ndílleachtlanna é. Is mór idir cistineacha na hIndia agus na hÉireann mar a gheobhaidh an bheirt fhear amach.

Chéad Taispeántas: 10 Fea

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Taithí gan Teorainn

Sa tsraith seo tabharfaidh cócairí, feirmeoirí agus lucht faisin as Éirinn a n-aghaidh thar lear le dul i mbun oibre ina dtionscal féin i gcuid de na tíortha is boichte ar fud an domhain. Ochtar daoine óga as Éirinn a bheidh faoi thrácht agus mairfidh siad agus oibreoidh siad mar a mhaireann agus a oibríonn daoine san India, sa Chambóid, sa Chéinia agus sa Chirgeastáin. Dúshlán intinne agus fisiciúil a bheidh ann dóibh agus meas tú an seasfaidh siad Taithí gan Teorainn?
 

An Chirgeastáin– Dé Domhnaigh @ 8.30pm
Rachaidh Rónán Ó Siochrú agus Ann Martin, feirmeoirí as Ciarraí, chuig an gCirgeastáin san Áise Láir chun dul ag obair ina n-aoirí agus ina bhfeirmeoirí fánaíochta. Caithfidh siad dul ag obair ar fheirm nach bhfuil leictreachas ná uisce reatha ar bith uirthi agus a yurt féin a thógáil. Caithfidh Rónán, nach raibh ar dhroim capaill riamh, na capaill agus na beithígh a chruinniú. Caithfidh Ann, a bhfuil cleachtadh maith aici ar mharcaíocht, fanacht sa mbaile ag cócaireacht agus ag tabhairt aire do na gasúir. Féachfaidh Ann agus Rónán le caoirigh a dhíol ar an margadh is gnóthaí sa tír.
 

 

Físeáin ar Fáil