Turas Bóthair | Siamsaíocht | Ceamaraí i gCarranna | Cúléisteacht | TG4 Skip to main content
Menu

Turas Bóthair

Déar
8.00pm
Máir
5.40pm
     

Sraith ina suiteáilteadh ceamaraí i
gcarranna ar fud na hÉireann le deis
a thabhairt dúinne dul ag cúléisteacht.
Déardaoin @ 8.00pm

Fógraíocht

Turas Bóthair 2-2

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith ina bhfuil ceamaraí suiteáilte i gcarranna ar fud na hÉireann le deis a thabhairt dúinne dul ag cúléisteacht ar na paisinéirí agus eolas a chur ar na nithe atá ag déanamh tinnis dóibh. I measc na n-ábhar plé sa chlár seo beidh tuairimí éagsúla ar ghrá, pósadh, colscaradh agus bás. Ar cheart go mbeadh cead ag sagairt pósadh, ar cheart go mbeadh cannabas dleathach?

Chéad Taispeántas: 13 Mfo

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Turas Bóthair

Bhí tóir mhór ar an chéad sraith de Turas Bóthair anuraidh agus anois tá an dara sraith linn. Nochtar dúinn sa chlár seo cad é go díreach a bhíonn mar ábhar cainte ag daoine agus iad ag taisteal thart ina gcuid carranna. Tá ceamaraí beaga curtha ar ais againn i gcarranna ar fud na hÉireann sa dóigh go dtig linn cúléisteacht leis na comhráite a bhíonn ag dul ar aghaidh idir tiománaithe agus a gcuid paisinéirí. Tá lúcháir agus brón ann, coiméide agus tragóid, grá agus briseadh croí, cairdeas agus rómánsaíocht, aiféaltas agus machnamh, éadóchas agus dóchas.
Léiriú le Waddell Media Teo
 

I gClár 3:
I measc na n-ábhar plé sa chlár seo beidh tuairimí éagsúla ar bhia, briseadh croí, deonú orgáin, Donald Trump, rialú gunnaí, colscaradh agus comhaontú réamhphósta.
 

Físeáin ar Fáil