Underdogs | Spórt | CLG | Comórtas | GAA | Peil Gaelach Skip to main content
Menu

Underdogs

Déar
9.30pm
Sath
7.30pm
     

Tabharfaidh na Underdogs faoi dhianchampa traenála
i gCampa an Churraigh in éineacht le
hÓglaigh na hÉireann.
Déardaoin @ 9.30pm

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Tá 'Underdogs', sraith chlúiteach CLG TG4, ar ais. An tseachtain seo, in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain a bheidh a gcéad champa traenála ag na Underdogs le chéile faoi stiúir David Kelly, léachtóir leis an eolaíocht aclaíochta (Roinn an Spóirt agus na nEolaíochtaí Sláinte) agus iar-imreoir peile le Sligeach. Imreoidh foireann na Underdogs a gcéad chluiche dúshláin in aghaidh ceann de na clubanna is rathúla i gCo. Ros Comáin, CLG Naomh Bríd.

Chéad Taispeántas: 13 Mfo

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Underdogs

 
Tá ‘Underdogs’, sraith chlúiteach CLG TG4, ar ais. Tá sé deich mbliana ó bhí an tsraith deiridh de ‘Underdogs’ ann agus táthar i mbun cuardaigh ar fhoireann nua peile. Beidh painéal nua roghnóirí mór le rá ann i mbliana, triúr laochra imeartha atá anois ar an taobhlíne – Iar-chaptaen na Gaillimhe, Ray Silke, bean a bhíodh ag imirt peile do Chorcaigh, Valerie Mulcahy, agus iar-pheileadóir na bliana agus Laoch na Ríochta, Paul Galvin.
 
I gClár 3:
An tseachtain seo, tabharfaidh na Underdogs faoi dhianchampa traenála i gCampa an Churraigh in éineacht le hÓglaigh na hÉireann. Is é an Ceannfort Murtagh Brennan as Scoil Chorpoideachais Óglaigh na hÉireann a bheidh i mbun na traenála. Leagfar amach dúshláin dóibh a chuirfidh faoi bhrú iad agus beidh ortha oibriú mar fhoireann chun na dúshláin sin a chur i gcrích. Tabharfaidh na Underdogs aghaidh ar fhoireann CLG Óglaigh na hÉireann sa dara cluiche dúshláin. Tabharfaidh na roghnóirí bata is bóthar do dhuine de na Underdogs le linn gach campa.
 
Supermacs

Físeáin ar Fáil