Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Domhnaigh 26 Bealtaine

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 146

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 7:02AM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 40

    Cuairteoirí

    Tá Alvin ag ceapadh go bhfuil scíth ag teastáil ó Dháithí agus beartaíonn sé an teach a mhalartú le teaghlach i Haváí.

  • 7:13AM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 40

    Casann Dónall Dána leis an mBanríon

    Tá an Bhanríon ag teacht chuig scoil Dhónaill agus déanfaidh sé rud ar bith le labhairt léi.

  • 7:24AM
    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong

    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding DongSraith 1, Eipeasóid 1

    Cóisir an Réaltra

    Tá Winston ag súil go mór le cóisir an réaltra ach cá bhfuil a thicéad!?

  • 7:35AM
    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong

    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding DongSraith 1, Eipeasóid 2

    Malairt Todhchaí

    Tá go leor rudaí faighte ar iasacht ag Winston ó Hampton ach níl aon cheann acu tugtha ar ais aige. An mbeidh sé in ann na rudaí sin ar fad a aimsiú? Drochsheans!

  • 7:47AM
    Angelo Rules (GS)

    Angelo Rules (GS)Sraith 3, Eipeasóid 12

    Gníomhaire Rúnda

    Caithfidh Lola ligean uirthi féin go dtaitníonn Tracy léi.

  • 7:58AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 8:00AM
    Eolaíocht le Bert

    Eolaíocht le BertSraith 1, Eipeasóid 9

    Ag Meascadh Dathanna

    Rachaidh Bert ag meascadh dathanna inniu.

  • 8:04AM
    Eolaíocht le Bert

    Eolaíocht le BertSraith 1, Eipeasóid 10

    Cumhacht na Gaoithe

    Tabharfaidh Bert faoi thriail a bhaineann le cumhacht na gaoithe ar chlár an lae inniu.

  • 8:08AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 6

    Na Glasraí Ceoil

    Cuireann na glasraí an t-óstán trína chéile lena gcuid amhrán!

  • 8:19AM
    Elmo Anseo

    Elmo AnseoSraith 1, Eipeasóid 15

    Na Séasúir

    Foghlaimeoidh Elmo agus a chara nua Cliste níos mó faoi na séasúir.

  • 8:25AM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 40

    Buail an Druma a Catboy

    Ceapann Catboy nach féidir leis an pharáid a threorú gan a dhruma.

  • 8:37AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 20

    Ceolchoirm do Chriostal agus Rí: Cuid a 2

    Eagraíonn Criostal agus an Rí ceolchoirm chun aird a tharraingt ar an ró-iascaireacht atá ar bun sa Linn Mhór.

  • 8:50AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 39

    An Cóisir Rúnda

    Tá Máirtín an míorchat ag iarraidh cúnamh Wissper chun cóisir rúnda a eagrú dá chara speisialta. Ach cé hé nó hí a chara speisialta?

  • 8:58AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 44

    Zou and Téadchleasaí

    Ní maith le Zinnia a bheith thuas ard ach tabharfaidh Zou cúnamh di leis sin inniu.

  • 9:09AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 40

    Cheist an Mariachi

    Féachann Cat le hamhrán a chasadh dá ghrá geal inniu le cúnamh ó bhanna mariachi.

  • 9:22AM
    Is Ait an Mac é Mús

    Is Ait an Mac é MúsSraith 1, Eipeasóid 39

    Píotsa

    Tá Jeaicín agus Mús ag seachadadh do Phádraig Píotsa inniu mar go bhfuil a scútar féin briste.

  • 9:29AM
    Bia Linn (TS)

    Bia Linn (TS)Sraith 2, Eipeasóid 8

    Marós

    Sraith spleodrach cócaireachta do pháistí óga. Bí linn sa chistin go bhfeicfidh tú cé a bheidh ag cuidiú le Muireann. Marós an príomhchomhábhar ag Muireann inniu. Déanfaidh Coco roinnt taighde faoi mharós.

  • 9:45AM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 22

    Joey ag Teach Solais

    Ar theach solais Fhánada a thabharfaidh Joey cuairt inniu. Buailfidh sé le Leanne agus taispeánfaidh sí dó a dteastóidh uathu - déshúiligh agus hata an chaptaein. Tabharfaidh Seán suas an staighre é chun an solas mór a fheiceáil. Bíonn lá an-suimiúil ag Joey.

  • 10:00AM
    Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS)

    Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS)Sraith 1, Eipeasóid 18

    Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga féaraigh an tráthnóna.

  • 10:30AM
    Timpeall na Tíre (OS)

    Timpeall na Tíre (OS)Sraith 17, Eipeasóid 20

    Achoimre ar chuid de mhórscéalta na seachtaine mar a craoladh ar Nuacht TG4.

  • 11:00AM
    Vóta 2019

    Vóta 2019Sraith 1, Eipeasóid 8

    Craoladh beo ar thorthaí na dToghchán Áitiúil, Eorpach, an Reifreann agus na pobalbhreitheanna.

  • 1:00PM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 8, Eipeasóid 21

    He Was Only Twelve (Part 1)

    Caitear James le linn banc a bheith á robáil. Ta Charles ag iarraidh ar an Uasal Edwards teacht ar an dream a chaith é.

  • 1:55PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 146

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 2:00PM
    Beidh Mé Ar Ais! (OS & TS)

    Beidh Mé Ar Ais! (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Sraith turasóireachta a fhiosróidh áiteanna ar cheart do gach duine cuairt a thabhairt orthu. Á cur i láthair ag Sinéad Ní Uallacháin agus Osgur Ó Ciardha. Rachaidh Sinéad agus Osgur ó cheann ceann na tíre chun teacht ar áiteanna nua turasóireachta agus le comhairle a thabhairt ar bhealaí a bhféadfaí taithí an chuairteora a fheabhsú. An tseachtain seo, rachaidh Sinéad ag mianadóireacht in Iarthar Chorcaí agus caithfidh sí súil ar athchóiriú faoi leith i Muineachán. Tabharfaidh Osgur cuairt ar Iascaigh agus Reilig Mhíleata na Gearmáine, i gCill Mhantáin.

  • 3:00PM
    Scannán: The Furies (TS)

    Scannán: The Furies (TS)

    (1950, Dráma, Scannán Grá, Scannán buachaillí bó) Is iad Barbara Stanwyck, Wendell Corey agus Walter Huston na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Anthony Mann. Scannán faoi aighneas idir athair agus iníon nuair a thugann sé gean do bhean eile.

  • 5:00PM
    FleadhTV 2014 Súil Siar

    FleadhTV 2014 Súil Siar

    Súil siar ar roinnt den cheol traidisiúnta agus den cheol tíre is fearr ó Fhleadh Cheoil 2014 i Sligeach. I measc na gceoltóirí bhí Dervish, Altan, Nathan Carter, Rackhouse Pilfer agus Maura O'Connell chomh maith le scoth na gceoltóirí óga.

  • 6:00PM
    Ollchlár Ros na Rún (OS & GS)

    Ollchlár Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 38

    Le teann faitís roimh Andy, tugann Michelle Eur5,000 dó ach tá sé ag éileamh tuilleadh anois. Socraíonn Michelle imeacht as Ros na Rún ar fad mar gheall air. Tá Jude ag ceapadh gurb é Briain a fear céile, Máirtín, atá caillte agus tá faitíos uirthi roimhe. Nuair a thuigeann Berni chomh corraithe atá Jude iarrainn sí ar Bhriain imeacht ach an nglacfaidh Briain leis seo? Tá Michelle ar bís imeacht as Ros na Rún ach nuair a bhagraíonn Andy Maeve a ghortú, ní bhíonn a fhios aici céard is ceart di a dhéanamh. Ní thuigeann Katy go bhfuil Dee ag iarraidh dochar a dhéanamh di.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 146

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Vóta 2019

    Vóta 2019Sraith 1, Eipeasóid 9

    Craoladh beo ar thorthaí na dToghchán Áitiúil, Eorpach, an Reifreann agus na pobalbhreitheanna

  • 8:00PM
    Comhrá - John Beag (OS)

    Comhrá - John Beag (OS)Sraith 14, Eipeasóid 2

    John Beag Ó Flatharta

    John Beag Ó Flatharta nó 'an tAncaire' as Leitir Mealláin i gCo. na Gaillimhe a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín anocht. Is iomaí amhrán atá cumtha agus canta aige ó thosaigh na hAncairí ag tús na hochtóidí. Inseoidh sé do Mháirtín faoina shaol ó shin.

  • 8:30PM
    Réalta agus Gaolta (OS & TS)

    Réalta agus Gaolta (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 10

    Leanfar leis an gcuardach don teaghlach is cumasaí sa tír! Sraith ceoil agus damhsa ina rachaidh teaghlaigh chumasacha san iomaíocht ar stáitse. Cé a bheidh ina seaimpíní in 2019? Á cur i láthair ag Síle Seoige agus is iad Sinéad Ní Uallacháin, craoltóir agus léiritheoir, Irial Ó Ceallaigh, amhránaí sean-nóis agus Jim Lockhart ón mbanna ceoil "Horslips" na moltóirí.

  • 9:30PM
    TradFest TG4 (OS & TS)

    TradFest TG4 (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Sraith ceoil thraidisiúnta & chomhaimseartha a taifeadadh i mí Eanáir ag TradFest i gcroílár na hardchathrach. Á cur i láthair ag Doireann Ní Ghlacáin as Baile Átha Cliath, beidh ceol sa tsraith ó cheoltóirí as Éirinn agus ó thar lear chomh maith le tallann nua atá ag teacht chun cinn. Ar chlár na seachtaine seo beidh buaiteoir Grammy Shelby Lynne agus a deirfiúr Allison Moorer chomh maith le muintir Glackin, Deirdre Hurley, Jacqui Martin, Gay McKeon agus Conor Connolly. Léiriú de chuid Aniar TV.

  • 10:30PM
    Geantraí (OS & TS)

    Geantraí (OS & TS)Sraith 5, Eipeasóid 3

    Ó Brady's i dTír an Iúir, Baile Átha Cliath a chuirfear an clár seo i láthair. I measc na gceoltóirí beidh muintir Crehan, Terry, Kiaran agus Niall, Kevin Glackin, Seán Potts, Jimmy McGreevy, John Cunningham agus Seán Garvey.

  • 11:00PM
    Ceolchuairt (OS & TS)

    Ceolchuairt (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 2

    Iamáice

    Sraith siamsaíochta ceoil ina rachaidh seisear ceoltóirí traidisiúnta as Éirinn ar oilithreacht go dtí a 'Mecca' ceoil féin. Ar Iamáice a thabharfaidh an file agus an ceoltóir reigé Gearóid Mac Lochlainn a aghaidh, áit dúchais an cheoil a mbíodh sé ag éisteacht leis ag éirí aníos i mBéal Feirste.

  • 11:50PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 146

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 11:55PM
    Follow the Money (OS)

    Follow the Money (OS)Sraith 2, Eipeasóid 4

    Scéinséir coiriúlachta as an Danmhairg. Nochtann Mads agus Alf na cleachtais éillitheacha atá ag dul ar aghaidh ag Banc Nova. Ní thuigeann siad, áfach, go bhfuil Nanna, an bas atá acu, ag tabhairt gach scéal ar ais chuig cathaoirleach Nova, an té a bhfuil siad ag iarraidh greim a fháil air. Tá rudaí go leor ag goilliúint ar Amanda anois go gcaithfidh scairshealbhóirí Bhanc Absalon vóta a chaitheamh. Tá an Sualannach ag iarraidh tionchar a imirt ar an vóta céanna agus tá sé ag iarraidh ar Nicky drochobair a dhéanamh dó.

  • 1:05AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 146

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.