Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Domhnaigh 16 Meitheamh

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 167

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 7:02AM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 49

    Cumhachtaí Alvin

    Cuireann Alvin ina luí ar Theodore go bhfuil cumhachtaí draíochta aige atá in ann milseáin a dhéanamh as bruscar.

  • 7:13AM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 50

    Teach na Leaids

    Ní thaitníonn sé leis na hioraí talún go bhfuil Dáithí ag caitheamh an oiread ama le Nuala agus féachann siad len iad a scaradh óna chéile.

  • 7:24AM
    Thomas Edison's Secret Lab

    Thomas Edison's Secret LabSraith 1, Eipeasóid 8

    Zombaithe Milse

    Foghlaimíonn ár gcairde sa tsaotharlann faoi víris agus vacsaíniú.

  • 7:36AM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 7

    Buaileann Dónall Dána Bob ar Shióg na bhFiacla

    Féachann Dónall Dána leis an dallamullóg a chur ar shióg na bhfiacla.

  • 7:47AM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 8

    Dónall Dána agus Cailleach Am Lóin

    Tá an bhean lóin ag goid rudaí milse na ngasúr, caithfidh Dónall teacht ar bhealach le hí a stopadh.

  • 7:58AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 8:00AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 14

    Ceol den scoth?

    Tá Whinny in ísle brí ach tá a fhios ag Tom le gáire a bhaint aisti!

  • 8:10AM
    Woozle & Pip

    Woozle & PipSraith 1, Eipeasóid 7

    Pip, an cat

    Tá sé ag cur isteach ar Woozle go bhfuil Pip ag iarraidh a bheith ina cat.

  • 8:15AM
    Woozle & Pip

    Woozle & PipSraith 1, Eipeasóid 8

    An damhán alla

    Ligeann Woozle air féin gur eilifint é atá ina chónaí i dteach na nDamhán Alla.

  • 8:21AM
    Scéalta le Masha

    Scéalta le MashaSraith 3, Eipeasóid 8

    An Frog Ríoga

    Inseoidh Masha scéal faoi fhrog a iompaíonn isteach ina banphrionsa álainn.

  • 8:26AM
    Scéalta le Masha

    Scéalta le MashaSraith 3, Eipeasóid 9

    Cailín Sneachta

    Inseoidh Masha scéal faoi chailín beag sneachta a bhfuil faitíos uirthi go leáfaidh sí.

  • 8:31AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 14

    Crann na Féile

    Tá maisiúcháin an chrainn Nollag ar iarraidh.

  • 8:42AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 14

    I bhFolach

    Is maith le Nic agus Sailí a bheith ag dul i bhfolach ach níl Sailí go maith ag an gcluiche seo.

  • 8:54AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 4

    Mise Beag Bídeach

    Samhlaíonn Monty agus Jimmy Jones mar a bheadh an saol dá mbeadh siad chomh beag le beacha.

  • 9:01AM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 4

    Catboy agus an tOllscartaire-Pógó

    Tuigeann Catboy anois go gcaithfidh sé éisteacht lena chairde.

  • 9:14AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 4

    Lá an Fholctha

    Tá chuile dhuine le ní i gClós na mBalún ach ní maith le Tuck é féin a ní.

  • 9:21AM
    Elmo Anseo

    Elmo AnseoSraith 1, Eipeasóid 4

    Uirlisí

    Foghlaimeoidh Elmo agus a chara nua Cliste níos mó faoi uirlisí ceoil inniu.

  • 9:27AM
    Loopdidoo

    LoopdidooSraith 5, Eipeasóid 13

    Bosca Lóin

    Itheann Loopdidoo lón Petunia agus caitheann sé an chuid eile den mhaidin ag cuardach lón eile di!

  • 9:34AM
    Zack & Quack

    Zack & QuackSraith 2, Eipeasóid 4

    Preab-Mhianta

    Rachaidh na cairde sa tóir ar phreab na mianta.

  • 9:45AM
    Bia Linn (TS)

    Bia Linn (TS)Sraith 2, Eipeasóid 4

    Ronnach

    Sraith spleodrach cócaireachta do pháistí óga. Bí linn sa chistin go bhfeicfidh tú cé a bheidh ag cuidiú le Muireann. Ronnaigh a bheidh Muireann a réiteach inniu.

  • 10:00AM
    Bingo! (OS)

    Bingo! (OS)

    Bainfidh an clár seo deora agus gáire as an lucht féachana, clár ina bhfiosrófar an tóir atá ag muintir na hÉireann ar bhiongó. Déanfaidh lucht biongó, idir óg agus aosta, cur síos ar an tábhacht atá leis an gcaitheamh aimsire dóibhsean.

  • 11:00AM
    Timpeall na Tíre (OS)

    Timpeall na Tíre (OS)Sraith 17, Eipeasóid 23

    Achoimre ar chuid de mhórscéalta na seachtaine mar a craoladh ar Nuacht TG4.

  • 11:30AM
    Scannán: Little House on the Prairie (TS)

    Scannán: Little House on the Prairie (TS)

    (1974 Dráma) Melissa Gilbert, Michael Landon agus Melissa Sue Anderson na príomhaisteoirí faoi stiúir Michael Landon. Seo é an chéad chlár den tsraith teilifíse. Clár faoi mhuintir Ingalls a d'fhág Wisconsin le dul go hiarthar Mheiriceá le saol níos fearr a bhaint amach dóibh féin.

  • 1:15PM
    An Fhuil & An Bindealán (OS & TS)

    An Fhuil & An Bindealán (OS & TS)Sraith 18, Eipeasóid 1

    An Fhuil agus an Bindealán

    Clár a chuirfidh iontas ar lucht leanta na gcluichí Gaelacha mar go léirítear ann gur trí thimpiste atá an dath dearg agus bán ar fhoirne chontae Chorcaí agus gur dathanna eile ar fad a bhí orthu i dtús ama. Geansaí gorm agus "C" ómra greanta ar a bhrollach a bhíodh ar fhoirne Chorcaí. Is é an laoch iomána, bainisteoir agus tráchtaire Dónal O'Grady an bleachtaire staire sa gclár seo. Tá scéal thar a bheith spreagúil le haithris aige a bhfuil macalla na staire go láidir ann.

  • 1:43PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 167

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 1:45PM
    FIFA Women's World Cup Live

    FIFA Women's World Cup LiveEipeasóid 15

    An tSualainn v An Téalainn

    Craoladh beo ar an gcluiche idir an tSualainn agus an Téalainn ó Stade de Nice. Is é Marcus Ó Buachalla a bheidh i mbun tráchtaireachta.

  • 4:03PM
    Cuimhní Órga Spóirt

    Cuimhní Órga SpóirtSraith 3, Eipeasóid 8

    Deis eile cluichí móra Iománaíochta na bliana a fheiceáil.

  • 4:10PM
    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & GS)

    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & GS)Sraith 1, Eipeasóid 21

    Francesco Totti / Claudio Ranieri / Carli Lloyd / George Weah

    Francesco Totti, sárimreoir na Róimhe agus na hIodáile, Claudio Ranieri, an traenálaí den scoth, Carli Lloyd, sárlaoch chluiche na mban chomh maith le duine de na himreoirí Afracacha ab fhearr riamh, George Weah, a bheidh faoi chaibidil ar an gclár.

  • 4:45PM
    FIFA Women's World Cup Live

    FIFA Women's World Cup LiveEipeasóid 16

    Stáit Aontaithe Mheiriceá v An tSile

    Craoladh beo ar an gcluiche idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tSile ó Parc des Princes i bPáras. Is é Garry Mac Donnacha a bheidh i mbun tráchtaireachta.

  • 7:12PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 167

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:15PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 167

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Ollchlár Ros na Rún (OS & GS)

    Ollchlár Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 41

    Tá muintir agus cairde tagtha le chéile do bhaisteadh Bhláithín. Tá Dee ag réiteach le Katy agus cuireann drugaí ina mála i ngan fhios di. Téann Jude ar iarraidh fad a bhíonn Sorcha ag tabhairt aire di. Téann Sorcha agus Briain ar a tóir ach ina ndeifir buaileann siad duine éigin den charr. Cé atá ann?

  • 8:30PM
    Réalta agus Gaolta (OS & TS)

    Réalta agus Gaolta (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 13

    Tiocfaidh deireadh leis an gcuardach don teaghlach is cumasaí sa tír anocht. Níl ach cheithre theaghlach fanta agus tabharfaidh siad aghaidh ar a chéile sa mbabhta ceannais. Cé a bheidh ar ardán na Staide Náisiúnta le Kíla um Nollaig os comhair 2000 duine? Á cur i láthair ag Síle Seoige agus is iad Sinéad Ní Uallacháin, craoltóir agus léiritheoir, Irial Ó Ceallaigh, amhránaí sean-nóis agus Jim Lockhart ón mbanna ceoil "Horslips" na moltóirí.

  • 9:30PM
    TradFest TG4 (OS & TS)

    TradFest TG4 (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Sraith ceoil thraidisiúnta agus chomhaimseartha a taifeadadh i mí Eanáir ag TradFest i gcroílár na hardchathrach. Á chur i láthair ag Doireann Ní Ghlacáin as Baile Átha Cliath. Buailfidh sí leis an mbanna ceoil Bluegrass 'I Draw Slow'. I measc na gceoltóirí eile ar an gclár beidh Paudie O'Connor agus Aoife Ní Chaoimh, Mairéad Hurley, John Blake, Paddy McEvoy agus an t-amhránaí agus ceoltóir basúcaí Cathal Ó Curráin.

  • 10:30PM
    Geantraí (OS & TS)

    Geantraí (OS & TS)Sraith 5, Eipeasóid 5

    As Teach Tábhairne Merchant i mBaile Átha Cliath a chuirfear an clár seo i láthair. I measc na gceoltóirí beidh Colm agus John Regan, Mick O'Brien, Séamus Glackin, Seán Howley agus na hamhránaithe Maighread agus Tríona Ní Dhomhnaill. Á chur i láthair ag Breanndán Ó Beaglaoich.

  • 11:00PM
    Ceolchuairt (OS & TS)

    Ceolchuairt (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 5

    An tSairdín

    Sraith siamsaíochta ceoil ina rachaidh seisear ceoltóirí traidisiúnta as Éirinn ar oilithreacht go dtí a 'Mecca' ceoil féin. Ar an tSairdín a thabharfaidh an píobaire Mick O'Brien a aghaidh le castáil le Luigi Lai, máistir phíobaí na Launeddas, píb ársa le 3 chána. Creideann Mick gurb as an Launeddas a tháinig an phíb uilleann.

  • 11:47PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 167

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 11:50PM
    Follow the Money (OS)

    Follow the Money (OS)Sraith 2, Eipeasóid 7

    Scéinséir coiriúlachta as an Danmhairg. Mar gheall nár éirigh le Nicky an méid a iarradh air a dhéanamh, níl an Sualannach mór leis níos mó agus cuirtear as a chiall ar fad é nuair nach bhfuil sé in ann freagraí a fháil uaidh. Tá Mads ar a dhícheall ag iarraidh fianaise a fháil in aghaidh Christensen. In éadan chomhairle a bhas, téann sé chuig Banc Absalon agus feiceann sé duine ann a bheidh tábhachtach don fhiosrúchán - Claudia.

  • 1:00AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 167

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.