Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé hAoine 15 Feabhra

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 46

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 7:02AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 14

    Ag Dul ag Spraoi

    Tá Mofy ag iarraidh dul ag spraoi in éineacht lena cuid cairde ach níl aon am ag aon duine le dul ag spraoi léi is cosúil.

  • 7:07AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 15

    Bíodh Biseach Ort

    Tá litir faighte ag Mofy ó na lucha óga ag rá nach bhfuil a máthair ag aireachtáil rómhaith.

  • 7:13AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 13

    Lá an Fhéir

    Tá Fraidy Francach imithe amú san fhéar. An bhfuil sé in am an féar a bhaint?

  • 7:20AM
    Olobob Top

    Olobob TopSraith 1, Eipeasóid 6

    Eitleog

    Tá Lúbán Lúbarnach ag cuidiú le Bobble a eitleog a chur ag eitilt.

  • 7:25AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 42

    Paráid na Feirme

    Tá neart torainn ag seanshúire na feirme.

  • 7:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 27

    Daidí i bhFeighil

    Caithfidh daidí aire a thabhairt do na piscíní.

  • 7:40AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 28

    An Chéad Eitilt

    Tá na piscíní chun dul ar eitleán den chéad uair ach tá faitíos ar Mhilseog.

  • 7:45AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 30

    Taisceadán Ama

    Tagann na múinteoirí ar thaisceadán ama agus iarrann siad ar an rang a gcuid smaointe féin a chur leis. Ach níl Wufflebump in ann cuimhneamh ar aon ní le cur ann. An gcabhróidh a chuid cairde leis?

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 1

    Caife Cois Bóthair

    Ba mhaith le Alice caifé a oscailt ach níl aon áras aici lena aghaidh.

  • 7:57AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 2

    Scoil Tiomána

    Milleann Olly agus Bazz Comórtas Déanta Cácaí Phlimpáin.

  • 8:03AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 19

    Dot, Díphlugáilte

    Beartaíonn muintir Dot gan aon leictreachas a úsáid inniu.

  • 8:15AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 10

    Teanga na nAinmhithe

    Téann cúrsaí ó smacht nuair a chailleann Phoebe a guth agus is sise an t-aon duine atá in ann labhairt le hainmhithe!

  • 8:26AM
    Maya an Bheachín

    Maya an BheachínSraith 2, Eipeasóid 6

    Flip in Ísle Brí

    Tá Flip in ísle brí agus socraíonn sé an gleann a fhágáil nuair a ghoidtear a veidhlín.

  • 8:40AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 13

    An Lá Mór

    Tá mamó agus daideo ag teacht ar cuairt agus tá na hulchabháin bheaga ag súil go mór leo.

  • 8:51AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 17

    Tubaiste sa Chistin

    Fad a bhíonn an Béar ag imirt cluiche táiplise iarrann Masha air béile a réiteach di. Réitíonn sé leite di ach ní thaitníonn sé léi.

  • 8:58AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 17

    An Gaiscíoch

    Meas tú an fadhbanna móra a bhíonn le réiteach ag sárlaochra i gcónaí?

  • 9:05AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 48

    Zou agus an Toirtís

    Rachaidh Zou agus Daideo sa tóir ar thoirtís nia bhean Uí Zolli inniu.

  • 9:16AM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 28

    Ríona Caora

    Tabharfaidh Úna cuairt ar a cairde i nGaelscoil Ros Eo i mBaile Átha Cliath mar go bhfuil scéal acu di dá bailiúchán faoi chaora darb ainm Ríona. Beidh an-spraoi aici lena cairde beaga a bheidh ag déanamh a gcuid caorach féin sula n-insítear an scéal 'Ríona Caora'.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)

    Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)Sraith 2, Eipeasóid 18

    Ainmhithe Beaga sa Chathair II Tráthnóna

    Caithfimid súil ar mar a chaitheann tuilleadh ainmhithe óga sa chathair an tráthnóna.

  • 10:00AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 3, Eipeasóid 20

    The Election

    Tá uachtarán nua scoile le ceapadh. Tá suim ag Mary, Nellie agus ag Elmer, buachaill óg nach bhfuil aon tóir ag na gasúir eile air, sa phost. Éiríonn Mary as áfach nuair a thuigeann sí gurb é Elmer is fearr chuige.

  • 10:55AM
    The Gilmore Girls (TS)

    The Gilmore Girls (TS)Sraith 5, Eipeasóid 22

    A House is Not a Home

    Sraith ghrinn drámaíochta. Téann Lorelai ag iarraidh Rory, a bhíonn tar éis an oíche a chaitheamh in éineacht le Logan. Ní fhágtar smid ag Lorelai nuair a insíonn Rory di faoina bhfuil beartaithe aici a dhéanamh amach anseo. Iarrann Lorelai cúnamh ar Richard agus ar Emily ach ní fada go dtuigeann sí gurb é Luke an t-aon duine is féidir léi a thrust.

  • 11:45AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 7, Eipeasóid 8

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna as an Nua-Shéalainn a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Cé gur sa Nua-Shéalainn a tháirgtear breis is 30% d'earraí déiríochta an domhain, ní ghlacfar le bainne ó fheirmeoir ar bith nach bhfuil 50 bó acu. Tá cáiseanna ceardaí nua tugtha isteach ag lucht déanta cáise, as an Ollainn ó dhúchas, sa tír le scór bliain. Casfaidh Will le roinnt daoine atá ag iarraidh cead a fháil cáis a dhéanamh as bainne amh.

  • 12:15PM
    Cósta Uí Chatháin (OS)

    Cósta Uí Chatháin (OS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Carraig Gheal

    Tabharfaidh Éamonn agus an criú aghaidh ar an gCarraig Gheal i gContae Aontroma an tseachtain seo, áit a dtagann go leor bádóirí isteach chun cuain. Tabharfaidh sé cuairt ar Chaisleán Espie, áit a bhfuil anaclann éanlaithe fiáine agus réiteoidh sé mias gliomaigh i mbialann 'Daft Eddies'.

  • 12:45PM
    Amhráin is Ansa Liom (OS)

    Amhráin is Ansa Liom (OS)Sraith 2, Eipeasóid 2

    Is é Lillis Ó Laoire as Gaoth Dobhair a bheidh ag comhrá agus ag gabháil fhoinn inniu. Casfaidh Lillis na hamhráin is fearr leis; 'Coinnleach Glas an Fhómhair', 'Bádaí na dTrí Seol', 'Úna Bheag na hÁite', agus 'Caoineadh na dTrí Muire'.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 5, Eipeasóid 20

    No Exit

    I ndiaidh dinnéar foirmeálta in áit eile, filleann Bartlet agus a fhoireann ar an Teach Bán. Fógraítear éigeandáil, is é sin go bhfuil ábhar contúirteach in áit éigin sa Teach Bán. Caitear iad ar fad a choinneáil sa teach agus cuirtear i mbeirteanna iad i seomraí éagsúla. Cuireann Toby i leith Will gur chuir sé an pionna i Bartlet. Tá gníomhairí na Seirbhíse Rúnda sa tóir ar an ábhar agus caitheann Fiderer, Charlie agus an tUachtarán féin géilleadh do scrúdú fisiciúil.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 28

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 37

    Ag Súil le hUibheacha

    Tá Dot ag súil go mór leis na huibheacha a bhéarfaidh a cuid cearc.

  • 3:13PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 33

    Rí na Cathrach

    Tá Monty ag iarraidh a fháil amach an féidir ainmhithe fiáine a choinneáil sa teach.

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 26

    Cara Mór na Foraoise

    Déanann na hulchabháin ceiliúradh ar Lá na gCrann.

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 51

    Gormchosach

    Tá Nic agus Sailí ag caitheamh a gcuid buataisí nua ach tá siad ag dul i bhfostú sa phuiteach.

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 52

    Ar an Choiréal

    Níl Nic in ann a chleas draíochta a dhéanamh i gceart.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 2

    Príomhoide Mo Ghrá

    Taitníonn an príomhoide nua go mór le Alvin.

  • 4:13PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 3, Eipeasóid 25

    Dónall Dána: An Baisteadh

    Bíonn imní ar Eithne agus ar Ghearóid nuair a théann Cáitín Cur Amach amú ag a baisteadh féin.

  • 4:24PM
    Angelo Rules (GS)

    Angelo Rules (GS)Sraith 4, Eipeasóid 12

    Cara Pinn

    Cruthaíonn Angelo cara pinn bréige dá thionscadal scoile ach an gcreidfidh an Máistir Mac Spág é?

  • 4:35PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 2, Eipeasóid 8

    Fee ag Athshealbhú & Sárfhoireann

    Tá Fee ag obair do Randl. Caithfidh sí rudaí a fuair daoine ar cíos ó Randl a fháil ar ais dó. Glacann Fee agus Foo páirt i gComórtas Lámhchoraíochta Bhaile Littlebark agus súil acu go mbeidh an bua acu.

  • 5:00PM
    Is Eolaí Mé (GS)

    Is Eolaí Mé (GS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Fuaim

    Fuaim is ábhar don chlár seo. Tugann Peadar cuairt ar stiúideo taifeadta go bhfeicfidh sé mar a thaifeadtar fuaimeanna. Beidh James Mullarky agus Eoin Ó Neachtain ag glacadh páirte i ndúshlán an stiúideo. Beidh Úna ag iarraidh fuaimeanna na n-ialtóg a thaifeadadh agus féachann an tOllamh Ullamh le ceacht fuaime a thabhairt d'Aodh. Taispeánfaidh Peadar turgnamh dúinn a bheimid in ann a dhéanamh sa mbaile.

  • 5:28PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 46

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Gléasta chun Féasta (OS)

    Gléasta chun Féasta (OS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Sraith 10 gclár, á cur i láthair ag Bláthnaid Treacy ina mbeidh ar bhean atá ag réiteach d'ócáid mhór sa saol rogha a dhéanamh idir trí fheisteas a roghnófar go speisialta di. Beidh neart comhairle ar fáil ó na saineolaithe faisin gach seachtain - Ándrea Tighe agus Aisling Ní Chormaic. Sa mbreis orthusan, beidh aoi speisialta ar gach clár. Ar an gclár inniu beidh Maureen O'Connell ag iarraidh teacht ar ghúna do dhinnéar fíor-speisialta lena teaghlach. Tá a mac glan ón ngalar ailse den chéad uair le cúig bliana déag agus tá siad ag iarraidh an ócáid a cheiliúradh.

  • 6:00PM
    Wwoofáil (OS)

    Wwoofáil (OS)Sraith 2, Eipeasóid 6

    Baile an Chaistil

    Rachaidh Mairéad Ní Chuaig agus Conall Ó Máirtín ag spailpínteacht timpeall na hEorpa! Bhí Mairéad agus Conall ar ais sa bhaile in Éirinn an tseachtain seo. Ó thuaidh a bhí siad i gCo. Aontroma áit ar chaith siad tréimhse ag obair ar fheirm gabhar i dteannta Mhuintir Cole ar Fheirm Broughgammon. Ní hamháin go raibh siad ag freastal ar na gabhair ach cuireadh ag déanamh ispíní gabhair iad freisin!

  • 6:30PM
    Lurgan 2K18 (OS & TS)

    Lurgan 2K18 (OS & TS)Sraith 3, Eipeasóid 8

    IDGAF

    Sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeánfar físeáin nua ó 'TG Lurgan' chomh maith leis na daltaí ardchumasacha a ghlacann páirt iontu. Déanfaidh Rachel cur síos ar na míthuiscintí a bhíonn faoi dul chuig scoil chónaithe. Casfaidh sí amhrán nuachumtha "An Fhadhb" agus casfar an t-amhrán "IDGAF" le Dua Lipa.

  • 6:45PM
    Lurgan 2K18 (OS & TS)

    Lurgan 2K18 (OS & TS)Sraith 3, Eipeasóid 9

    Found What I've Been Looking For

    Sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeánfar físeáin nua ó 'TG Lurgan' chomh maith leis na daltaí ardchumasacha a ghlacann páirt iontu. Déanfaidh Zak cur síos ar an obair a bhíonn ar bun aige sa bhaile i Loch Garman agus casfaidh Rachel amhrán nuachumtha "Do Sheans". Casfaidh Zak an t-amhrán "Found what I've been looking for" le Tom Grennan ina dhiaidh sin.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 46

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 46

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Abhainn (OS)

    Abhainn (OS)Sraith 3, Eipeasóid 3

    An Fheoir

    An Fheoir, a ardaíonn faoi scáth Shliabh Bhearnán Éile i dtuaisceart Thiobraid Árann, a bheidh faoi chaibidil.

  • 8:00PM
    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & GS)

    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & GS)Sraith 1, Eipeasóid 26

    Tiger Woods / Arnold Palmer agus Gary Player / Bobby Jones

    Cúrsaí gailf a bheidh faoi chaibidil an tseachtain seo ar na Sár-Laochra Spóirt. I measc na ngalfairí a bheidh faoi thrácht beidh Tiger Woods, a bhfuil cheithre mhórchomórtas déag buaite aige, agus beirt de laochra móra gailf na 1960í agus 1970í - Arnold Palmer agus Gary Player chomh maith le Bobby Jones.

  • 8:30PM
    Scothfhoirne (OS & GS)

    Scothfhoirne (OS & GS)Sraith 1, Eipeasóid 22

    Serie A / Borussia Dortmund

    Sraith ina roghnaítear na foirne is fearr riamh, idir chlubanna, thíortha agus réanna. Ar an gclár seo, roghnófar na himreoirí ab fhearr a d'imir don Iodáil sa Roinn Serie A. Agus an túisce a gheobhaidh sárimreoirí an lae inniu áit ar shárfhoireann Borussia Dortmund ná na himreoirí a bhíodh ann fadó?

  • 9:00PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 46

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 9:05PM
    An Western: Pony Express (TS)

    An Western: Pony Express (TS)

    (1953, Stairiúil, Rómáns) Charlton Heston, Rhonda Fleming agus Jan Sterling na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Jerry Hopper. Féachann Buffalo Bill agus Wild Bill Hickock le Post na gCapall a bhunú. Caithfidh siad na hIndiaigh agus scarúnaithe Chalifornia, atá ag iarraidh an córas a scriosadh, a chomhrac.

  • 11:00PM
    Rugbaí Beo

    Rugbaí BeoSraith 8, Eipeasóid 34

    Súil siar ar an gcluiche idir Mumha agus Southern Kings ar Pháirc Irish Independent i Sraith PRO14 Guinness.

  • 0:00AM
    Biafra - Misean Dearmadta (OS & TS)

    Biafra - Misean Dearmadta (OS & TS)

    Clár faisnéise faoin gceangal atá ag Éirinn leis an Nigéir de bharr eachtraí tubaisteacha a tharla 50 bliain ó shin nuair a bhí cogadh cathartha uafásach ar siúl sa Nigéir. Sheas misinéirí na hÉireann in aghaidh na gcairtéal idirnáisiúnta chun daoine a bhí ag fáil bháis leis an ocras a thabhairt slán, beart a thuil cáil idirnáisiúnta dóibh. Díbríodh as an tír iad nuair a bhí an cogadh thart agus é curtha ina leith gurbh iad ba chúis le chomh fada is a mhair an cogadh. Leagfaidh an clár seo, a rinne Irina Maldea agus Brendan Culleton, béim ar eachtraí atá ligthe i ndearmad anois.

  • 1:00AM
    Wrecking the Rising (OS & TS)

    Wrecking the Rising (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Deis eile an trí chlár, a rinneadh mar chuid den chomóradh céad bliain ar Éirí Amach 1916, a fheiceáil. Is beag atá ag tarlú sa saol ag triúr fear i mBaile Átha Cliath an lae inniu. Níl de spórt acu ach a bheith ag déanamh athchruthú ar Éirí Amach 1916. Bíonn na fir ag fáil faoi réir do chleachtadh feistis nuair a thugann bosca mistéireach siar san am a caitheadh iad, go dtí 1916, díreach roimh an Éirí Amach. Ní túisce ann iad nuair a dhéanann siad dearmad mór a chuireann athrú ar gach ní. Caithfidh siad teacht ar phlean chun cúrsa na staire a choinneáil.

  • 2:00AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 46

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.