Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Máirt 26 Márta

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 85

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 7:02AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 16

    Ga Gréine

    Tugann Mogu le fios do Mofy go bhfuil gráinneog bheag tite síos i bpoll.

  • 7:07AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 17

    Cabhair!

    Caithfidh Mofy agus Ciarán bia a thabhairt chuig ainmhithe na foraoise mar gheall ar an sneachta.

  • 7:13AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 14

    Lá an Fhómhair

    Tá an fómhar le baint i gClós na mBalún. Tá na torthaí agus na glasraí ar fad réidh.

  • 7:20AM
    Olobob Top

    Olobob TopSraith 1, Eipeasóid 33

    Iasc sa Chrann

    Tá Iasc Mór i bhfostú i gcrann! Níl aon réiteach ar an scéal ach sleamhnán mór millteach a dhéanamh di!

  • 7:25AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 21

    Earrach

    Tá buataisí nua ag Rita agus tá sí ag iarraidh dul amach ag léimneach sa phuiteach. Ach níl aon bhuataisí ag Crogall bocht!

  • 7:30AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 22

    Oíche Shamhna

    Gléasann Rita í féin mar a bheadh cailleach ann Oíche Shamhna ach níl sí ró-shásta le Crogall mar chat.

  • 7:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 39

    Lá na Gaoithe

    Tá na piscíní ag súil go mór lena n-eitleoga féin a dhéanamh.

  • 7:40AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 40

    An Gadaí Cleiteach

    Cé atá ag goid a gcuid rudaí ó na piscíní?

  • 7:45AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 5

    An Seó Speisialta

    Scanraíonn Iclewoo ar stáitse le linn dhráma na scoile.

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 2, Eipeasóid 3

    Breithlá Bazza

    Ní bhíonn Bazza go deas lena chairde ar a bhreithlá.

  • 7:57AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 2, Eipeasóid 4

    Busanna Phlimpáin

    Tá deireadh curtha ag an Uasal Dris le seirbhís bus Phlimpáin agus níl aon bhealach chuig an trá anois ag Ned ná ag Meg.

  • 8:03AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 46

    An Chóisir

    Tá Dot agus a hathair ag iarraidh cóisir a eagrú.

  • 8:15AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 49

    Bábóg Phoebe

    Tógann an tíogar bréagán Phoebe agus féachann Phoebe agus Elmo len é a fháil ar ais!

  • 8:26AM
    Maya an Bheachín

    Maya an BheachínSraith 2, Eipeasóid 33

    Mistéir na Liathróide

    Cailleann na seangáin buidéal speisialta den ghlóthach ríoga. Tá a fhios ag Maya cá ndeachaigh sé.

  • 8:40AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 14

    Buzz buzz buzz

    Castar beach bheag ar na hulchabháin bheaga. Tá siad ag iarraidh go leor ceisteanna a chur uirthi ach bíonn siad uile ag caint ag an am céanna.

  • 8:51AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 18

    Once in a Year

    Is gearr go mbeidh breithlá Masha ann agus tá sí ag déanamh cinnte nach ndéanfaidh aon duine dearmad air.

  • 8:58AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 44

    Buaiteoir den Scoth

    Tá Monty ag iarraidh a fháil amach an féidir le duine a bheith sásta tar éis cluiche a chailleadh.

  • 9:05AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 35

    Zou an Traenálaí Pearsanta

    Is traenálaí pearsanta é Zou inniu.

  • 9:16AM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Aingeal Agus Billy

    Tabharfaidh Úna Ní Fhlatharta cuairt ar scoileanna ar fud na tíre chun scéalta a bhailiú agus chun cabhrú leis na daltaí óga tabhairt faoi thograí móra ealaíne bunaithe ar charachtair agus ar théamaí na scéalta. Ar Scoil Thír an Fhia, i Leitir Móir, i gContae na Gaillimhe a thabharfaidh Úna cuairt inniu. Inseoidh daltaí na scoile an scéal 'Aingeal agus Billy' di. Tabharfaidh an múinteoir Aisling cead dóibh a gcuid gabhar féin a dhéanamh agus inseoidh siad scéalta iontacha d'Úna faoi na gabhair atá acu sa mbaile.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)

    Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)Sraith 2, Eipeasóid 12

    Ainmhithe sa Zú II Tráthnóna

    Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga sa zú an tráthnóna.

  • 10:00AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 5, Eipeasóid 23

    Mortal Mission

    Faigheann go leor de mhuintir Walnut Grove an-tinn nuair a itheann siad caoireoil a bhí truaillithe ag antrasc. Déantar ospidéal agus marbhlann de scoil na nDall. Éiríonn le Charles agus le Jonathan an tinneas a sheachaint agus déanann siad a míle dícheall cóir leighis a thabhairt chuig scoil na nDall.

  • 10:55AM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 7, Eipeasóid 5

    The Great Stink

    Sraith Ghrinn Drámaíochta. Bíonn ríméad ar Emily agus ar Richard nuair a thagann Lorelai agus Christopher chun dinnéir le chéile. Ní fada go mbíonn siad in árach a chéile nuair a insíonn Christopher di go bhfuil a iarbhean chéile ag iarraidh ar a n-iníon, G.G., cuairt a thabhairt uirthi i bPáras. Tá Logan sa mbaile mar gheall ar chúrsaí oibre ach ní raibh a fhios ag Rory go raibh sé ag teacht abhaile ar chor ar bith. Cé go bhfuil ríméad an domhain uirthi go bhfuil sé sa mbaile, bíonn éad uirthi nuair fheiceann sí an cailín dathúil atá ag obair leis.

  • 11:45AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 3, Eipeasóid 8

    New Farmstead Cheeses of Northern California - USA

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna ceardaí agus cáiseanna lámhdhéanta feirme i Meiriceá a bheidh faoi chaibidil ag Will inniu. Tá méadú mór ar dhíolachán na gcáiseanna seo le gairid agus rachaidh sé go Tuaisceart California agus chuig margadh na bhfeirmeoirí i San Francisco le casadh leosan is cúis leis an ngluaiseacht nua seo.

  • 12:15PM
    Bia 's Bóthar (OS)

    Bia 's Bóthar (OS)Sraith 2, Eipeasóid 8

    Ar Chorcaigh a thabharfaidh Éamonn a aghaidh ar an gclár seo. Taispeánfaidh Gréagóir De Buitléar ón gcomhlacht Barry's Tea dó le cupán deas tae a dhéanamh. Casfaidh sé le Isobel ón Margadh Sasanach chomh maith.

  • 12:45PM
    Comhrá (OS)

    Comhrá (OS)Sraith 5, Eipeasóid 33

    Roy Galvin

    Roy Galvin as Tiobraid Árann a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín. Inseoidh Roy faoi na blianta a chaith sé ina dhamhsóir bailé gairmiúil. Tá suim mhór aige i ndamhsa agus sa gceol Gaelach agus déanfaidh sé cur síos ar an gcumann GAA nó Gaeilgeoirí Aeracha Aontaithe a bhunaigh sé.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 7, Eipeasóid 2

    The Mommy Problem

    Tionóltar ard-ghiúiré chun sceitheadh ar eolas míleata sa Teach Bán a fhiosrú. Tá béim a leagan anois ar an tslándáil náisiúnta le linn an fheachtais. Pléann Vinick go paiteanta leis an gceist agus má tá Santos le bheith dílis dá pháirtí ná téadh sé in aghaidh Bartlet.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 24

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 10

    Cara Dílis an Mhadra

    Tá Dot ag iarraidh madra dá madra féin!

  • 3:13PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 63

    Ag Spraoi le Scamaill

    Tá na clabhtaí dorcha ag milleadh phleananna na Kazoops agus níl siad sásta. Tá Monty ag iarraidh a thaispeáint dóibh gur iontach an rud iad clabhtaí!

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 4

    Cara Beag Bídeach

    Inseoidh Biel do na hulchabháin óga faoi mheiteamorfóis.

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 31

    Clúdach Cliste

    Níl Nic ná Sailí in ann páipéar a chur ar bhronntanais. An mbeidh an Cat in ann cúnamh a thabhairt dóibh?

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 32

    Beir ar an bhFrog

    Tá frog i linn snámha Shailí agus níl siad in ann é a sháinniú! An mbeidh an Cat in ann cúnamh a thabhairt dóibh?

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 32

    Cairteacha le Díol

    Nuair a mhilleann Alvin rothar Theodore trí thimpiste cuireann sé isteach ar chomórtas ar rothar nua an chéad duais.

  • 4:13PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 3, Eipeasóid 52

    Dónall Dána An Banana

    Tá an Mháistreás Mhic Áirthid tinn tuirseach de scéal mór a thosaíonn le banana.

  • 4:24PM
    Breadwinners

    BreadwinnersSraith 2, Eipeasóid 13

    Bandito Bruscair

    Tiocfaidh an Robálaí Bruscair chun bruscar na nAránach a ghoid.

  • 4:35PM
    Zak Jinks

    Zak JinksSraith 1, Eipeasóid 23

    Dallamullóg

    Ní mó ná sásta atá Zak ná a chairde go bhfuil scrúduithe le déanamh acu. Déanann siad iarracht an dallamullóg a chur ar an máistreás ionas nach mbeidh orthu na scrúduithe a dhéanamh.

  • 4:47PM
    Spongebob Squarepants (GS)

    Spongebob Squarepants (GS)Sraith 10, Eipeasóid 1

    Inchinní ar Strae & Drárs Mhasc Mara

    Tá Spongebob agus Patrick an-tógtha le cluiche nua - a n-inchinní féin a chur ag eitilt mar a bheadh dróin ann. Bíonn an-spraoi ag Spongebob agus Patrick ag spraoi Masc Mara agus Bearnaí Bairneach go dtí go mbuaileann siad lena naimhde.

  • 5:10PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 4, Eipeasóid 11

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Bean ag tarraingt feithicil trom lena cuid gruaige ina measc. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:28PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 85

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Feirm (OS & TS)

    Feirm (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Mairteoil

    Nuálaíocht in earnáil na mairteola a bheidh á phlé ag Jamie anocht. Casfaidh sé le Sinead Waters as Teagasc chun géanómaíocht a phlé - is é sin úsáid na Géineolaíochta i bpórú eallaigh. Labhróidh sé le tógálaithe eallaigh éagsúla, Paddy Fenton ina measc a bhíonn ag tógáil bollatach, bó dúchasach Chiarraí. Casfaidh sé leis an mbúistéir Páidí Ó Muircheartaigh chun tuilleadh eolais a fháil faoi mhargadh na mairteola. Rachaidh sé chuig ceann de na seónna talmhaíochta is mó in Éirinn chun labhairt le Peadar Ó Scanaill faoi earnáil mairteola na hÉireann faoi láthair.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 24

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 85

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 85

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    7 Lá

    7 LáSraith 17, Eipeasóid 12

    Clár cúrsaí reatha seachtainiúil TG4. Déanfar scagadh agus plé ar scéalta nuachta atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe scéalta réigiúnacha agus Gaeltachta.

  • 8:00PM
    Éire na Nuachtscannán (OS & TS)

    Éire na Nuachtscannán (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Catastrophes and Fashion Shows

    Roimh theacht na teilifíse, b'iad na nuachtscannáin an t-aon fhoinse do nuacht ar scáileáin in Éirinn. Míreanna nuachta agus faisnéise ab ea iad a thaispeántaí sna pictiúrlanna. Tabharfaidh an tsraith 6 chlár seo léargas dúinn ar an mbealach inar cuireadh imeachtaí in Éirinn i láthair sna nuachtscannáin chéanna. Is í Síle Nic Chonaonaigh a bheidh i mbun tráchtaireachta.

  • 8:30PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 59

    Tugann Gráinne agus David cuireadh do Chóilí Jackie casadh leis an innealtóir ach bíonn siad in aiféala mar go gcuireann sé in aghaidh a gcuid pleananna tí. Cén deireadh a bheidh aigesean, acusan agus an crann? Tá imní ar Adam go raibh duine éigin ag iarraidh briseadh isteach Tigh Kheane agus molann sé glaoch ar na Gardaí. Diúltaíonn Laoise ach an mbeidh sí in aiféala ar ball?

  • 9:00PM
    A Little Bit Showband

    A Little Bit ShowbandSraith 1, Eipeasóid 6

    Tina

    Clár faisnéise ar Philomena Quinn, nó Tina mar ab fhearr aithne uirthi. Ba réalta mór i ré na seó-bhannaí í Tina. Cé gur éirigh thar cionn léi i saol na seó-bhannaí bhain go leor tubaistí di sa saol. Chaith sí na chéad bhlianta dá saol san ospidéal le TB. Nuair a tháinig biseach uirthi cuireadh isteach i ndílleachtlann í mar go raibh a máthair ró-thinn le haire a thabhairt di. Cailleadh a máthair ansin ach bhí an t-ádh uirthi nuair a bhuaigh sí comórtas amhránaíochta in ionad saoire Butlins agus ní raibh sé i bhfad go raibh gach seó-bhanna in Éirinn ag iarraidh uirthi casadh leo.

  • 9:30PM
    Glór Tíre (OS & TS)

    Glór Tíre (OS & TS)Sraith 15, Eipeasóid 12

    Sa tsraith nua de Ghlór Tíre beidh seisear iomaitheoirí i dteannta Aoife Ní Thuairisg agus Shéamuis Uí Scanláin agus gach duine acu ag iarraidh an duais mhór a thabhairt leo. John Creedon, Caitríona Ní Shúilleabháin agus Jo Ní Chéide a bheidh ag moltóireacht. Triúr atá fanta sa gcomórtas anois. Fógrófar buaiteoir an chomórtais anocht sa chlár deiridh den tsraith.

  • 10:30PM
    Orange Is the New Black (TS)

    Orange Is the New Black (TS)Sraith 1, Eipeasóid 11

    Tall Men with Feelings

    Déanann an méid a dúirt Larry faoi Piper ar chlár raidió dochar dise agus dá muintir. Iarrann Red cúnamh ar Dayanara chun Pornstache a scrios.

  • 11:35PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 59

    Tugann Gráinne agus David cuireadh do Chóilí Jackie casadh leis an innealtóir ach bíonn siad in aiféala mar go gcuireann sé in aghaidh a gcuid pleananna tí. Cén deireadh a bheidh aigesean, acusan agus an crann? Tá imní ar Adam go raibh duine éigin ag iarraidh briseadh isteach Tigh Kheane agus molann sé glaoch ar na Gardaí. Diúltaíonn Laoise ach an mbeidh sí in aiféala ar ball?

  • 0:05AM
    Friday Night Lights (TS)

    Friday Night Lights (TS)Sraith 2, Eipeasóid 6

    How Did I Get Here

    Filleann Tim ar Dillon ach is cosúil go bhfuil a thaisceadán foirne folamh. Tugann Taylor deis do Jason a bheith ina chóitseálaí ainneoin imní a bheith air féin faoin laghdú atá tagtha ar a phá. Tagann cara Lila agus a hathair go Dillon agus é ag súil deis a fháil dul ag imirt leis na Panthers. Tá athair Landry ag fáil níos gaire den fhírinne.

  • 0:57AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 85

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 1:00AM
    Fíorscéal (OS & TS)

    Fíorscéal (OS & TS)Sraith 19, Eipeasóid 27

    Colaistéaról: Croí na Fírinne nó Cur i gCéill?

    Tá ceangal á dhéanamh le hos cionn leath chéad bliain idir fadhbanna croí agus colaistéaról sa bhfuil. Tá forbairt na billiún dollar déanta ar thionscal bia ar bheagán saille agus ar chógas a íslíonn colaistéaról. Tá sé ar an gcógas is mó a ordaítear do dhaoine a thógáil ar fud an domhain agus 30 milliún duine á thógáil sna Stáit Aontaithe. Ach cé go bhfuil an ráta colaistéaróil laghdaithe i dtíortha forbartha níl aon athrú ar na fadhbanna croí. Cén fáth?

  • 2:00AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 85

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.