Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Luain 26 Lúnasa

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 238

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 1

    An Fhoraois

    Nuair a théann Rita agus Crogall ar shiúlóid sa bhforaois, téann duine acu amú.

  • 7:07AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 2

    Sneachta

    Rachaidh Rita agus Crogall amach ag spraoi sa sneachta.

  • 7:12AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 17

    Cóisir Thar Oíche

    Tá Yummble, Wingston agus Wufflebump ag súil go mór leis an oíche a chaitheamh tigh Wufflebump. Ach an mbeidh siad ábalta codladh gan na bréagáin agus na scéalta beaga a bhíonn acu sa mbaile?

  • 7:20AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 18

    Ag Gléasadh Suas

    Bíonn sceitimíní ar na páistí ar fad nuair a osclaíonn Bean Uí Ghrizzlesniff an bosca bréagéide cé is moite do Meepa bhocht nach bhfuil aon éadach sa bhosca atá oiriúnach di.

  • 7:27AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 11

    Ceist an Chara Shamhailtigh

    Rachaidh Peg agus na dineasáir sa tóir ar chara samhailteach Chat, Minkus an moncaí.

  • 7:39AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 1

    Traenacha, Fomhuireán agus Zeppelin: Cuid a 1

    Cailleann an tUasal Tearanódóin agus Larry an traein deiridh abhaile nuair a bhíonn siad ag bailiú duilleog ag an Linn Mhór.

  • 7:51AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 2, Eipeasóid 9

    Cuairteoir Speisialta

    Tá an tUasal Dris faoi bhrú. Tá a mháthair ag teacht ar cuairt agus tá an teach le glanadh.

  • 7:56AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 9

    Oisín Cúthail

    Tugann Wissper cúnamh d'Oisín, an cangarú óg, imeacht as púitse a mháthar.

  • 8:03AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 33

    Mistéir le réiteach

    Féachfaidh Buzz le mistéir a bhaineann le hainmhithe a réiteach.

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 9

    Deireadh Seachtaine Mistéireach

    Rachaidh Pheobe agus Elmo sa tóir ar nithe lonracha atá ar iarraidh san óstán.

  • 8:25AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 9

    Iarsmalann Zou

    Tá Zou lena mhúsaem féin a oscailt.

  • 8:36AM
    Aimsir na nÓg

    Aimsir na nÓgSraith 23, Eipeasóid 172

  • 8:38AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 9

    Glaoigh Orm!

    Tá an Béar ag iarraidh breathnú ar an gcluiche mór ar an teilifís ach tá pleananna eile ag Masha.

  • 8:45AM
    Loopdidoo

    LoopdidooSraith 5, Eipeasóid 31

    An Peann Draíochta

    Tá peann speisialta Petunia ar iarraidh. Aimsíonn Loopdidoo agus Oodles é agus ceapann gur peann draíochta é.

  • 8:52AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 33

    Giorraíonn Beirt Bóthar

    Caithfidh Hal agus Dot dul ar shiúlóid charthanachta.

  • 9:03AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 5

    Ag Preabadh

    Ní thuigeann Cat, Nic ná Sailí an t-údar go bhfuil preab i liathróid.

  • 9:15AM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 9

    An Zú

    Tabharfaidh Úna Ní Fhlatharta cuairt ar scoileanna ar fud na tíre chun scéalta a bhailiú agus chun cabhrú leis na daltaí óga tabhairt faoi thograí móra ealaíne bunaithe ar charachtair agus ar théamaí na scéalta. Ar Scoil an Duinnínigh i mBaile Átha Cliath a thabharfaidh Úna cuairt inniu. Tabharfaidh Úna cuairt ar an zú ar an mbealach. Déanfaidh Úna a cuid ainmhithe féin in éineacht leis na páistí scoile.

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 4, Eipeasóid 1

    Sraith a thugann léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Tá madra de mhianach shar-pei tréigthe agus táthar sa tóir ar bhaile nua dó anois.

  • 10:00AM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 8

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 10:55AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 4, Eipeasóid 13

    Freedom Flight

    Tagann treibh Indiach go Walnut Grove ag iarraidh ar mhuintir na háite cúnamh a thabhairt do thaoiseach na treibhe atá tinn. Bíonn Charles agus Doc Baker sásta cúnamh a thabhairt, rud a chuireann alltacht ar roinnt de mhuintir ná háite.

  • 11:50AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 8, Eipeasóid 3

    Shepherds Cheeses of the Pyrenees

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Sna Piréiní a bheidh Will agus a iníon Ellie ar chlár an lae inniu, ceantar a bhfuil cáil mhór air as an gcáis aoire is sine ar domhan. Casfaidh siad le Peio Etxeleku in uachtarlann Agour i dTír na mBascach. Tabharfaidh an bheirt a n-aghaidh ansin ar Béarn i lár Phiréiní na Fraince le castáil le Dominique Bouchait, affineur as an gceantar, a bhíonn ag tacú le feirmeoirí an cheantair. Rachaidh siad go Le Couserans ansin, áit a ndéanann muintir Jean Faup cáis Bethmale.

  • 12:15PM
    Dúiche (OS & TS)

    Dúiche (OS & TS)Sraith 3, Eipeasóid 10

    Country Music

    Tá Síle Nic Chonaonaigh ar ais agus í ag dul ó cheann ceann na tíre sa tóir ar scéalta agus ar imeachtaí. I gCo. Mhuineacháin a bheidh Síle an tseachtain seo. Caithfidh sí an lá in éineacht le Marty Mone, amhránaí ceoil tíre. Bhí an-tóir ag muintir na hÉireann riamh ar cheol tíre agus tá an-tóir anois arís air le cúpla bliain. Feicfidh sí mar a chaitheann Marty an saol nuair nach mbíonn sé ag ceol, oibríonn sé corr lá mar thiománaí. Rachaidh sí ansin go Gaillimh go bhfeicfidh sí ar stáitse é.

  • 12:45PM
    Tríd an Lionsa (OS & TS)

    Tríd an Lionsa (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Gap Girls

    Sraith a thugann chun solais an saibhreas grianghraf atá le fáil sna taiscí cartlainne, grianghraif a tógadh sa tír seo idir 1880-1902. Bailiúchán 'Gap Girls' a tógadh idir 1860 -1880 ábhar an chláir seo. Seacht steiréafóta de mhná a bhíodh ag díol poitín le turasóirí i mBearna an Choimín i gCill Airne atá sa bhailiúchán seo. Is cuid de bhailiúchán Lawrence iad sa Chartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta. Ach an grianghraif iad a thugann cuntas ar staid shóisialta na linne nó an léiriú iad ar an dearcadh a bhí ann i leith na mban ag an am?

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 4, Eipeasóid 12

    Guns Not Butter

    Tá an fhoireann ag snámh in aghaidh easa maidir leis an vóta a bheidh sa Seanad ar chúnamh iasachta.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 8

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 22

    D'anáil a Choinneáil

    Tá fail ar Masha agus tá an Béar ar a dhícheall ag iarraidh í a leigheas.

  • 3:09PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 23

    Tubaiste Eitilte Catboy

    Is í Cailín Luna a tharraingeoidh trioblóid agus is é Catboy a bheidh siar leis.

  • 3:21PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 49

    Stop an tIora Rua

    Tá an Cat Cliste agus a chairde ag iarraidh an lá a chaitheamh ag faire ar éin.

  • 3:33PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 66

    Na Saoithe

    Tá ceisteanna ag Monty nach bhfuil Stan ná Violet in ann a fhreagairt. Meas tú an bhfuil éinne ann a bhfuil freagra acu ar chuile ní beo?

  • 3:40PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 67

    Ionadh ar Stan

    Tá Violet ag iarraidh turas a phleanáil do Stan ach níl Monty in ann é a choinneáil faoi rún.

  • 3:47PM
    Aimsir na nÓg

    Aimsir na nÓgSraith 23, Eipeasóid 148

  • 3:50PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 ar maidin ag an deireadh seachtaine agus ón 4 tráthnóna ó Luan go Satharn. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Dónall Dána, Camp Lakebottom, Harvey Beaks, Na Dúlradóirí, Aifric agus neart eile.

  • 3:52PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 2, Eipeasóid 24

    Dónall Dána ar Teilifís

    Tá Dónall ag fanacht i dtigh Pheigí ar feadh seachtaine do chlár teilifíse ach níl sé chomh héasca is a cheap sé.

  • 4:03PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 2, Eipeasóid 25

    Dónall Dána: Cóisir Tí

    Tarraingíonn Dónall raic nuair a imíonn Mamaí agus Daidí don deireadh seachtaine.

  • 4:15PM
    Thomas Edison's Secret Lab

    Thomas Edison's Secret LabSraith 1, Eipeasóid 45

    Súile Preabacha

    Fásann ár gcairde súile aisteacha ach nuair a éalaíonn siad ón tsaotharlann, cuireann siad an baile trína chéile.

  • 4:27PM
    Camp Lakebottom

    Camp LakebottomSraith 2, Eipeasóid 1

    Eachtra Spóirtiúil Neamhchoitianta

    Titeann MacAodh isteach i bpoll armadailín le linn cluiche póló.

  • 4:38PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 1, Eipeasóid 23

    Foofee / Cén Fáth an Cairde Sibh Fiú?

    Ceistíonn Dade a chairdeas le Harvey.

  • 5:00PM
    An Fear Bréige (GS)

    An Fear Bréige (GS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Gaelscoil Nás na Ríogh

    Sraith a chuireann lenár dtuiscint ar an dúlra agus an timpeallacht. Tá scoileanna fud fad na tíre ag fáil faoi réir do Chraobh Náisiúnta na bhFear Bréige agus déanfaidh siad fear bréige bunaithe ar théamaí éagsúla ina measc uisce, an talamh agus fuinneamh. Ithir an téama atá ag daltaí Ghaelscoil Nás na Ríogh. Chomh maith le Fear Bréige a dhéanamh don chomórtas, foghlaimeoidh siad le cineálacha éagsúla ithreach a aithint lena réiteach chun glasraí a chur.

  • 5:32PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 238

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:35PM
    Irish Paint Magic

    Irish Paint MagicSraith 18, Eipeasóid 9

    Working on the Bog

    Sraith á cur i láthair ag David Willis. Radharc de dhaoine ag obair ar an bportach is ábhar do phéintéireacht an lae inniu.

  • 6:05PM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 4, Eipeasóid 16

    The Reigning Lorelai

    Sraith ghrinn drámaíochta. Faigheann Gran bás go tobann agus cuireann an scéal as go mór do Richard. Tugann Emily faoi na socruithe sochraide ach ní mó ná sásta a bhíonn sí nuair a aimsíonn sí litir a scríobh Gran chuig Richard blianta roimhe sin ag rá nach raibh sí ag iarraidh go bpósfadh sé Emily. Téann Lorelai i mbun na socruithe ansin ach ní fada go mbíonn cúrsaí ag cur as dise freisin.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 238

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 24, Eipeasóid 238

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:15PM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 23

    Róisín i Naomhóg

    Tabharfaidh Róisín faoi rámhaíocht i naomhóg i dteannta Eddie inniu. Taispeánfaidh sé di a mbeidh ag teastáil uaithi sula dtéann siad ar farraige - seaicéad tarrthála, miotóga agus dolaí. Múinfidh Eddie scileanna rámhaíochta di chomh maith le pota gliomaigh a tharraingt. Bíonn an-lá ag Róisín.

  • 7:30PM
    An Lá a Rugadh Mé (OS & TS)

    An Lá a Rugadh Mé (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Alan Dukes

    Sraith ina dtagann pearsa aitheanta ar eolas faoi imeachtaí a thit amach in Éirinn an lá ar saolaíodh iad. Scrúdóidh an té sin na nuachtáin a foilsíodh an lá a rugadh é agus roghnóidh trí scéal le fiosrú. Rachaidh an t-aoi ar aistear ar thóir breis eolais faoi na scéalta agus chun cainte le daoine a thabharfaidh léargas breise dó orthu. Tabharfaidh Alan Dukes cuairt ar champa géibhinn Gearmánach sa Pholainn a dúnadh an lá a rugadh é.

  • 8:00PM
    GAA 2019

    GAA 2019Sraith 19, Eipeasóid 30

    Súil siar ar na cluichí a imríodh ar an deireadh seachtaine ina measc Cluichí Leathcheannais Chraobhchomórtas Sinsear Pheil na mBan TG4 agus Cluiche Ceannais Iomána Faoi 20 Bhord Gáis Energy.

  • 9:00PM
    Glór Tíre - Rogha & Togha

    Glór Tíre - Rogha & ToghaSraith 9, Eipeasóid 4

    Rogha agus togha an naoú sraith de Ghlór Tíre. Beidh móruaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht beidh Jimmy Buckley, Susan McCann, Derek Ryan, Stephen Smyth, Lorraine McDonald, John McNicholl, Gerry Guthrie, Lisa McHugh agus Mike Denver ag gabháil fhoinn.

  • 9:30PM
    Scannán: Hamburger Hill (TS)

    Scannán: Hamburger Hill (TS)

    Hamburger Hill

    (1987, Scéinséir, Dráma) Anthony Barrile, Michael Boatman agus Don Cheadle na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir John Irvin. Tabharfar léargas réalaíoch ar cheann de na cathanna ba bhrúidiúla a tharla le linn Chogadh Vítneam.

  • 11:30PM
    Racht (OS)

    Racht (OS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Patrick Devine

    Sraith ina bhfiosraítear dúnmharuithe a tharla in áiteanna faoin tír in Éirinn agus an chúis a bhí leo. Cás Patrick Devine as Sliabh Speirín i nDoire a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Ba altra agus feirmeoir caorach é Patrick a scaoileadh sé huaire trí fhuinneog a chistine in 2014. Labhróidh a mhuintir faoin gcás, nach bhfuil réitithe fós, agus faoi chomh deacair is atá sé acu freagraí a fháil.

  • 0:00AM
    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & TS)

    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 26

    Tiger Woods / Arnold Palmer agus Gary Player / Bobby Jones

    Cúrsaí gailf a bheidh faoi chaibidil an tseachtain seo ar na Sár-Laochra Spóirt. I measc na ngalfairí a bheidh faoi thrácht beidh Tiger Woods, a bhfuil cheithre mhórchomórtas déag buaite aige, agus beirt de laochra móra gailf na 1960í agus 1970í - Arnold Palmer agus Gary Player chomh maith le Bobby Jones.

  • 0:32AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 238

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:35AM
    Friday Night Lights (TS)

    Friday Night Lights (TS)Sraith 5, Eipeasóid 8

    Fracture

    Tá faitíos ar an gcóitseálaí Taylor nach bhfuil smacht ar bith aige ar fhoireann Lion níos mó. Tá Tami ag ceapadh gur beag aire atá scoláire amháin a fháil sa mbaile. Tá Vince ag cur isteach ar an gcuid eile den fhoireann.

  • 1:25AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 238

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.