Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Céadaoin 26 Meitheamh

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 177

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 11

    Trá

    Téann Rita agus Crogall chuig an trá. Aimsíonn Crogall péarla agus bíonn éad ar Rita.

  • 7:07AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 12

    Oíche

    Tá Rita agus Crogall leis an oíche a chaitheamh tigh Mhamó agus téann siad ar thuras amach sa spás.

  • 7:12AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 35

    An Crann Spraoi

    Tá Bean Twirlyhorn ag péinteáil an chrainn spraoi. Cuireann sí fainic ar na páistí fanacht amach uaidh go mbeidh an phéint triomaithe ach níl sé d'fhoighne ag Meepa fanacht!

  • 7:20AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 36

    Oh Wingston!

    Tá Wingston ag déanamh gaisce lena chairde ar scoil agus cuireann sé seo isteach ar Icklewoo.

  • 7:27AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 18

    Ceist an Bhabaí Ollmhóir

    Caithfidh Peg agus Cat foghlaim le glaoire a úsáid agus iad ag tabhairt aire do bhabaí ollmhór.

  • 7:39AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 18

    Turas ar Bhád Abhann: Cuid a 2

    Téann Muintir Tearanódóin ar eachtra ar Bhád Abhann Thraein na nDineasár!

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 18

    An Turba-Rás

    Tá Breandán ag cleachtadh don turba-rás. Ceapann Bazza nach bhfuil seans dá laghad aige é a bhuachan.

  • 7:56AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 18

    Búir an Leoin

    Féachfaidh Wissper agus Stríocaí le cúnamh a thabhairt do leon óg búir a dhéanamh.

  • 8:03AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 24

    Breithlá Fi

    Tar éis di lá an-chrua a chur isteach, faigheann Fi bronntanas breá dá lá breithe a bhuíochas sin do Tom.

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 18

    Sár-chloch

    Tá Sár-Chloch ag fanacht sa Furchester. Ceapann sé go bhfuil a chuid cumhachtaí draíochta caillte aige nuair a stróictear a chlóca.

  • 8:25AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 18

    Zou an Maisitheoir Gairdín

    Tá Zou ag iarraidh an gairdín a mhaisiú do Mham mar go bhfuil cuairteoir ag teacht chun dinnéir.

  • 8:38AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 18

    Ag Níochán

    Bíonn an Béar seasta ag níochán éadaí Masha.

  • 8:45AM
    Loopdidoo

    LoopdidooSraith 5, Eipeasóid 23

    Ceist Chrua

    Tá Loopdidoo ag iarraidh cúnamh a thabhairt do Petunia lena ceist mhatamaitice le go rachaidh sí ag súgradh leis.

  • 8:51AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 24

    Gadaí

    Tá gadaí i ngairdín Dot.

  • 9:03AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 24

    Macalla Le Zapata

    Tá Sailí agus Nic ag spraoi ach tá púicíní orthu agus níl siad in ann a chéile a aimsiú!

  • 9:15AM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 18

    Aoife agus an Cat

    Tabharfaidh Úna Ní Fhlatharta cuairt ar scoileanna ar fud na tíre chun scéalta a bhailiú agus chun cabhrú leis na daltaí óga tabhairt faoi thograí móra ealaíne bunaithe ar charachtair agus ar théamaí na scéalta. Ar Scoil Uí Cheithearnaigh, i mBéal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe a thabharfaidh Úna cuairt inniu chun an scéal 'Aoife agus a Cat' a chur lena bailiúchán scéalta. Beidh an-spraoi aici lena cairde beaga ag déanamh a gcuid cat speisialta féin sula n-inseoidh siad an scéal 'Aoife agus a Cat'.

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 6, Eipeasóid 4

    Sraith a thugann léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Tabharfaidh Clare Aston aire do dhragan féasógach a fuarthas i mbosca bruscair.

  • 10:00AM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 26

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 10:55AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 1, Eipeasóid 12

    The Award

    Tá Mary chun tabhairt faoi scrúdú breise ag an scoil le foclóir álainn a bhuachan. Ach nuair a bhíonn sí ag staidéar lasann sí an scioból de dhearmad. Tá imní ar Caroline fúithi agus iarrann uirthi gan an scrúdú a dhéanamh. Tugann Mary faoin scrúdú ar aon nós agus éiríonn léi an duais a thabhairt léi.

  • 11:50AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 4, Eipeasóid 5

    Mozzarella and the Cheeses of Campania Italy

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna Mozzarella agus Campania na hIodáile a bheidh faoi chaibidil ag Will inniu. Tabharfaidh Will aghaidh ar cheantar Campania chun cáiseanna grutha na háite a fheiceáil. As bainne amh caorach a dhéantar an cháis seo agus aibítear í i gcrúsca terracotta. Taispeánfaidh Cuntaois dó leis an bpíotsa tine adhmaid is fearr a dhéanamh. Fiosróidh sé ansin mar a dhéantar cáis Caciocavallo, cáis ghrutha thraidisiúnta a dhéantar as bainne bó.

  • 12:15PM
    Dúiche (OS & TS)

    Dúiche (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 6

    I Neidín i gContae Chiarraí a bheidh Síle Nic Chonaonaigh an tseachtain seo. Roinnfidh an file mór le rá Gabriel Fitzmaurice scéalta agus nósanna an phobail a bhaineann le Oíche Shamhna. I gCeatharlach cloisfimid faoi Lucinda Sly, an bhean deiridh a crochadh ar an mbaile. I Márta na bliana 1835, tháinig deich míle duine chuig an mbaile seo le Lucinda Sly agus John Dempsey a fheiceáil á gcrochadh. Go Gaillimh ansin, áit a dtabharfaidh Síle cuairt ar Ócáid Mhór Oíche Shamhna Macnas. Athrú, an saol, bás agus athbhreith a bheidh á cheiliúradh ag paráid na bliana seo.

  • 12:45PM
    Garraí Glas (OS & TS)

    Garraí Glas (OS & TS)Sraith 4, Eipeasóid 2

    Sa chlár seo de Garraí Glas, tabharfaidh Síle cuairt ar Margaret Kitty i nGaoth Dobhair i gCo. Dhún na nGall. Tá an-scil ag Margaret i leigheas luibheanna. Rachaidh sí féin agus Síle sa tóir ar bháchráin ar an bportach agus ansin réiteoidh sí deoch atá go maith in aghaidh ísle brí an gheimhridh. Rachaidh sí ag siúl ar an bportach in éineacht leis an luibheolaí Tony McNally agus casfaidh sí le Jim McNamara ag an Ionad Orgánach.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 2, Eipeasóid 19

    Bad Moon Rising

    Tá drogall ar Bartlet a chuid fadhbanna sláinte a insint do chomhairleoir nua an Tí Bháin. Airíonn Sam ciontach faoin bplé a bhí aige leis an tubaiste timpeallachta a tharla nuair a chuaigh tancaer ola ar thalamh amach ó chósta Delaware.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 26

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 15

    Hata Draíochta

    Aimsíonn Masha hata draíochta atá in ann í a chur as radharc.

  • 3:09PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 41

    Catboy Cearnaithe

    Tá níos mó ná Catboy amháin ann inniu.

  • 3:21PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 15

    Réabhlóid na Seangán

    Goideann na seangáin cáca speisialta Ghionaíola agus téann na cairde ina ndiaidh chun é a fháil ar ais.

  • 3:33PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 75

    Faigh mícheart é lena fháil ceart

    Tá Monty trína chéile go ndearna sé botún nuair a bhí sé ag déanamh eitleán páipéir.

  • 3:40PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 1

    Ainmhithe mar Chairde

    Bíonn an-éad ar Jimmy Jones nuair a thagann Monty abhaile le muc ghuine na scoile don deireadh seachtaine.

  • 3:50PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 3:52PM
    Alvinnn !!! & the Chipmunks

    Alvinnn !!! & the ChipmunksSraith 2, Eipeasóid 29

    Sár-Chailíní

    Féachann na Chipettes le bheith ina sárlaochra ach an mbeidh siad in ann chuige?

  • 4:03PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 2, Eipeasóid 15

    Dónall Dána agus Learaí an Sár-Réalta

    Féachann Dónall le treoir nua a thabhairt do Learaí an Sár-Réalta.

  • 4:15PM
    Thomas Edison's Secret Lab

    Thomas Edison's Secret LabSraith 1, Eipeasóid 18

    Siorc Ocrach

    Foghlaimíonn ár gcairde sa tsaotharlann faoi shiorcanna.

  • 4:27PM
    Camp Lakebottom

    Camp LakebottomSraith 1, Eipeasóid 18

    Cuairteoir ón Stair

    Tagann duine muinteartha le Bricín ar ais ó na mairbh le Campa Loch Íochtair a chur bun os cionn.

  • 4:38PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 1, Eipeasóid 13

    Day of No To-Do - Lá Gan Aon Rud le Déanamh /Recipe for Disaster - Béile Uafásach

    Féachann Harvey le béile deas a dhéanamh dá thuismitheoirí, ach níl sé in ann cócaráil.

  • 5:00PM
    Na Dúlradóirí (TS)

    Na Dúlradóirí (TS)Sraith 1, Eipeasóid 9

    Éiceachóras

    Níl spéis ag na Dúlradóirí i ní ar bith ach sa timpeallacht - ní nach ionadh. Éiceachóras an gharraí a bheidh faoi chaibidil ag Na Dúlradóirí inniu. Cé na creachadóirí a chónaíonn sa gharraí? Céard é biashlabhra? Tá Na Dúlradóirí ag breathnú go grinn ar na creachadóirí uilig a chónaíonn ann. Idir an dá linn, tá barraíocht péisteanna ite ag Fionnuala agus tá Colm ag iarraidh éalú go dtí an Serengeti ... ar mhaithe leis an eolaíocht dar ndóigh.

  • 5:15PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 4, Eipeasóid 9

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Féachfar le 10 gcarr a iompú in achar gearr. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:32PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 177

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:35PM
    Irish Paint Magic

    Irish Paint MagicSraith 19, Eipeasóid 6

    Bunnyconnellan Bar & Restaurant

    Beár agus Bialann Bunnyconnellan a tógadh in 1824 agus atá ag breathnú amach ar Rinn an Róistigh i gCuan Chorcaí is ábhar do phictiúr an lae inniu.

  • 6:05PM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 2, Eipeasóid 18

    Back in the Saddle Again

    Sraith ghrinn drámaíochta. Cruthaíonn Rory fearas garchabhrach atá dírithe ar dhéagóirí don aonach gnó bliantúil agus iarrann sí ar a seanathair Richard cúnamh a thabhairt di leis. Tá sí chomh sásta a bheith ag obair ar an tionscnamh agus beartaíonn sé dul ag obair arís. Cruthaíonn Lorelai fadhbanna do Michel nuair a thagann a mháthair, Giselle. ar cuairt. Tá Dean in ísle brí. Ceapann sé nach bhfuil aon suim ag Rory ann níos mó.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 177

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 177

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    All Ireland Gold

    All Ireland GoldEipeasóid 34

    Áth Cliath v Ard Mhacha 1977

    Deis eile Cluiche Ceannais Peile na hÉireann idir Ard Mhacha agus Baile Átha Cliath ón mbliain 1977 a fheiceáil.

  • 9:00PM
    Réalta agus Gaolta (OS & TS)

    Réalta agus Gaolta (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 13

    Tiocfaidh deireadh leis an gcuardach don teaghlach is cumasaí sa tír anocht. Níl ach cheithre theaghlach fanta agus tabharfaidh siad aghaidh ar a chéile sa mbabhta ceannais. Cé a bheidh ar ardán na Staide Náisiúnta le Kíla um Nollaig os comhair 2000 duine? Á cur i láthair ag Síle Seoige agus is iad Sinéad Ní Uallacháin, craoltóir agus léiritheoir, Irial Ó Ceallaigh, amhránaí sean-nóis agus Jim Lockhart ón mbanna ceoil "Horslips" na moltóirí.

  • 10:00PM
    Finné (OS & TS)

    Finné (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    George Stagg

    Scéal Frank Stagg a bhásaigh ar stailc ocrais i bpríosún i Sasana i 1976. Ní raibh rialtas na hÉireann ag iarraidh go ndéanfaí mairtíreach dó. Ba é deartháir Frank, George, a bhí lena chónra a thabhairt abhaile as Aerfort Bhaile Átha Cliath go Béal an Átha i Maigh Eo, áit a raibh sé le cur in uaighe phoblachtach. Ach ar an mbealach anall d'ordaigh an Rialtas do lucht an eitleáin cúrsa a athrú agus luí sa tSionainn. I gcoinne mian a mhuintire, ghlac an Rialtas smacht ar shochraid Frank a dhiúltaigh é a chur in uaighe phoblachtach. Déanfaidh George Stagg cur síos ar an méid a tharla.

  • 11:00PM
    Survivor: Heroes vs. Healers vs. Hustlers (OS & TS)

    Survivor: Heroes vs. Healers vs. Hustlers (OS & TS)Sraith 35, Eipeasóid 9

    Fear of the Unknown

    Tá brú ar na comhaontais agus tá amhras anois faoi dhílseacht roinnt de na hiomaitheoirí.

  • 11:52PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 177

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 11:55PM
    Scannán: The Seven Year Hitch (TS)

    Scannán: The Seven Year Hitch (TS)

    (2012, Geandráma Rómánsúil) Natalie Hall, Darin Brooks agus Frances Fisher na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Bradford May. Éiríonn beirt dlúthchairde rómhór lena chéile agus ní fada go mbíonn siad pósta!

  • 1:30AM
    Dáil Éireann

    Dáil ÉireannSraith 19, Eipeasóid 62

    Craoladh ar imeachtaí na maidine de riar na hoibre i nDáil Éireann.

  • 1:55AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 177

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.