Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Céadaoin 21 Lúnasa

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 233

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 19

    Gairdín

    Tá Rita agus Crogall chun síolta glasraí a chur sa ngairdín. Ach céard a dhéanfaidh siad faoi na héin atá ag ithe na síolta orthu?

  • 7:07AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 20

    Caisleán

    Nuair a thugann Rita agus Crogall cuairt ar chaisleán, míníonn Rita dá cara go mbíodh ríthe i gceannas ar chuile dhuine fadó.

  • 7:12AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 11

    Wufflebump i dTrioblóid

    Tá Wufflebump an-mhístuama. Briseann sé, trí thimpiste, an corn a bhuaigh Bean Uí Ghrizzlesniff don mhúinteoir is fearr. Déanann sé chuile iarracht an corn briste a chur i bhfolach.

  • 7:20AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 12

    Ag Fás Suas

    Níl Yummble ag iarradh dearthár na deirfiúr eile. Tá sé ag iarraidh a Mhamaí a choinneáil dó féin.

  • 7:27AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 8

    An Cheist faoin Traein

    Tá gadaí ar Luasthraein Pheg agus Chat inniu.

  • 7:39AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 18

    Turas ar Bhád Abhann: Cuid a 2

    Rachaidh Muintir Tearanódóin ar thuras ar Bhád Abhann Thraein na nDineasár!

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 2, Eipeasóid 6

    Buaiteoir Bazza

    Buann Bazza turas do bheirt ach is le caimiléireacht é.

  • 7:56AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 6

    An Crogall gan Drogall

    Ba bhreá le Cian an Crogall a bheith ina shurfálaí ach níl aon mhaith leis. Féachann sé le cabhair a fháil ó Wissper.

  • 8:03AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 28

    An Liathróid Nua

    Téann Tom i mullach na liathróide i gcluiche tábhachtach peile. Caithfidh sé liathróid nua a fháil go beo!

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 6

    Na Glasraí Ceoil

    Cuireann na glasraí an t-óstán trína chéile lena gcuid amhrán!

  • 8:25AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 6

    Coirníní Zou

    Tá deacrachtaí ag Zou lena thionscadal ealaíne.

  • 8:38AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 6

    Subh Mhilis

    Tá an Béar chun subh a dhéanamh as sméara.

  • 8:45AM
    Loopdidoo

    LoopdidooSraith 5, Eipeasóid 26

    Grianghraf Foirfe

    Tá ceamara Petunia ar iasacht ag Loopdidoo le go mbeidh sé in ann grianghraf a ghlacadh dá cuid cairde ar fad ach téann cúrsaí ó smacht.

  • 8:51AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 28

    Thuas Seal Thíos Seal

    Tugann máthair Dot cead di a drón eitilte a úsáid.

  • 9:03AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 80

    Fómhar agus Geimhreadh

    Níl a fhios ag Nic cén séasúr is fearr leis. Tugann an Cat, Nic agus Sailí cuairt ar an ngairdín speisialta.

  • 9:15AM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Éinne agus Na Sicíní

    Tabharfaidh Úna Ní Fhlatharta cuairt ar scoileanna ar fud na tíre chun scéalta a bhailiú agus chun cabhrú leis na daltaí óga tabhairt faoi thograí móra ealaíne bunaithe ar charachtair agus ar théamaí na scéalta. Ar Scoil Uí Cheithearnaigh, Co. na Gaillimhe a thabharfaidh Úna cuairt inniu chun an scéal Éinne agus na Sicíní a chur lena bailiúchán scéalta. Beidh an-spraoi aici lena cairde beaga ag déanamh sicíní dá gcuid féin sula n-inseoidh siad an scéal.

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 3, Eipeasóid 8

    Sraith a thugann léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Beidh beirt oibrithe tarrthála, Karen agus Lynne, ar a ndícheall cabhrú le heala a bhfuil marach uirthi.

  • 10:00AM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 5

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 10:55AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 4, Eipeasóid 6

    The Creeper of Walnut Grove

    Féachann Laura agus Andy le breith ar an ngadaí i Walnut Grove. Bíonn Charles oibrithe lena iníon faoin méid a thiteann amach tigh Oleson. Bíonn cúrsaí níos measa fós mar go bhfuil trapanna leagtha ag Laura le breith ar an ngadaí, ach is é Charles áfach a théann i bhfostú iontu.

  • 11:50AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 7, Eipeasóid 8

    Cheeses of New Zealand

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna as an Nua-Shéalainn a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Cé gur sa Nua-Shéalainn a tháirgtear breis is 30% d'earraí déiríochta an domhain, ní ghlacfar le bainne ó fheirmeoir ar bith nach bhfuil 50 bó acu. Tá cáiseanna ceardaí nua tugtha isteach ag lucht déanta cáise, as an Ollainn ó dhúchas, sa tír le scór bliain. Casfaidh Will le roinnt daoine atá ag iarraidh cead a fháil cáis a dhéanamh as bainne amh.

  • 12:15PM
    Dúiche (OS & TS)

    Dúiche (OS & TS)Sraith 3, Eipeasóid 7

    Tá Síle Nic Chonaonaigh ar ais agus í ag dul ó cheann ceann na tíre sa tóir ar scéalta agus ar imeachtaí. San Iarthar a bheidh Síle an inniu go gcasfaidh sí le dhá ghrúpa deonacha i nGaillimh. Meastar gurb iad Gardaí Cósta na hÉireann agus An Chosaint Shibhialta an ceathrú seirbhís túslíne in Éirinn, go háirithe faoin tuath. Casfaidh Síle le deartháireacha, Eoin agus Micheál Davy Ó Coistealbhla, beirt atá páirteach i ngrúpaí deonacha agus na róil atá acu sa tseirbhís otharchairr.

  • 12:45PM
    Garraí Glas (OS & TS)

    Garraí Glas (OS & TS)Sraith 4, Eipeasóid 7

    Tabharfaidh Síle cuairt ar Eoin Warner atá ina chónaí i mBaile Átha Cliath agus rachaidh ag piocadh bláthanna troim le milseán na dTurcach a dhéanamh astu. Casfaidh sí leis an luibhlia Marina Kesso a dhéanfaidh cur síos di ar na hairíonna a bhaineann le fliodh agus taispeánfaidh an garraíodóir Fiann Ó Nualláin di le garraí luibheanna a chur i bpailéad.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 4, Eipeasóid 9

    Swiss Diplomacy

    Tá Ayatollah, fear cumhachtach gan trócaire as an Iaráin, ag iarraidh go scaoilfí a mhac, atá i mbaol a bháis, isteach sna Stáit Aontaithe le dul faoin scian. Is faoi Bartlet atá sé an cinneadh sin a dhéanamh.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 5

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 18

    Ag Níochán

    Bíonn an Béar seasta ag níochán éadaí Masha.

  • 3:09PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 19

    Ag tabhairt aire do Gekko

    Níl Gekko sásta cúnamh ar bith a ghlacadh óna chairde.

  • 3:21PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 45

    Finscéal na nGairdíní Ór

    Aimsíonn an Cat Cliste agus a chairde mapa go dtí Gairdín an Óir!

  • 3:33PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 58

    An Seanscéal Céanna

    Ní maith le Monty an deireadh a bhí le scéal Mhamó ach meas tú an féidir an deireadh a bhíonn le scéal a athrú?

  • 3:40PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 59

    Campáil

    Cuireann Monty an iomarca rudaí ina mhála don turas campála agus ní fada go dtuigeann sé gur fearr beagán ná mórán sa gcás seo.

  • 3:50PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 ar maidin ag an deireadh seachtaine agus ón 4 tráthnóna ó Luan go Satharn. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Dónall Dána, Camp Lakebottom, Harvey Beaks, Na Dúlradóirí, Aifric agus neart eile.

  • 3:52PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 2, Eipeasóid 16

    Dónall Dána agus an Cumhrán

    Cruthaíonn Learaí agus Dónall cumhrán a chuireann isteach go mór ar dhaoine.

  • 4:03PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 2, Eipeasóid 17

    Dónall Dána ag Iascaireacht

    Ní théann cúrsaí mar ba cheart nuair a théann Dónall agus Daid ag iascaireacht.

  • 4:15PM
    Thomas Edison's Secret Lab

    Thomas Edison's Secret LabSraith 1, Eipeasóid 48

    Fadhbanna go Leor

    Tá ár gcairde sa tsaotharlann ag snámh in aghaidh easa ag iarraidh eitleáin rúnda a bheidh in ann dul timpeall an domhain in aon oíche amháin a chríochnú.

  • 4:27PM
    Camp Lakebottom

    Camp LakebottomSraith 2, Eipeasóid 49

    Troid Sheilide na gCampaí

    Féachann Bricín Rua le gníomhas an bhaile a ghoid.

  • 4:38PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 1, Eipeasóid 19

    Geata Gaile/Réidh Don Yeti

    Creideann Rooter agus a mhuintir go bhfuil Yeti sa bhforaois.

  • 5:00PM
    Na Dúlradóirí (TS)

    Na Dúlradóirí (TS)Sraith 1, Eipeasóid 9

    Éiceachóras

    Níl spéis ag na Dúlradóirí i ní ar bith ach sa timpeallacht - ní nach ionadh. Éiceachóras an gharraí a bheidh faoi chaibidil ag na Dúlradóirí inniu. Cé na creachadóirí a chónaíonn sa gharraí? Céard é biashlabhra? Beidh na Dúlradóirí ag breathnú go grinn ar na creachadóirí uilig a chónaíonn ann. Idir an dá linn, tá barraíocht péisteanna ite ag Fionnuala agus tá Colm ag iarraidh éalú go dtí an Serengeti... ar mhaithe leis an eolaíocht dar ndóigh.

  • 5:15PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 4, Eipeasóid 4

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Tá Buachaill Bó an Spáis ar ais. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:32PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 233

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:35PM
    Irish Paint Magic

    Irish Paint MagicSraith 18, Eipeasóid 8

    Raging Forest

    Sraith ealaíne á cur i láthair ag David Willis. Radharc de choill trí thine is ábhar do phéintéireacht an lae inniu.

  • 6:05PM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 4, Eipeasóid 13

    Nag Hammadi is Where They Found the Gnostic Gospels

    Sraith ghrinn drámaíochta. Castar Jess agus Rory ar a chéile fad a bhíonn carr Jess á deisiú i Stars Hollow. Téann Lorelai chuig dinnéar carthanais in éineacht lena máthair agus bíonn áthas uirthi nuair a thagann a fear, Jason, ann. Nuair a chastar Jess agus Rory ar a chéile arís féachann Rory imeacht uaidh ach insíonn seisean rud éigin di nach raibh súil ar bith aici leis.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 233

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 233

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:15PM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 20

    Cóil ag Snorcláil

    Is ag snorcláil a bheas Cóil inniu lena chara Cormac. Taispeánfaidh Cormac dó an trealamh uilig a theastóidh uaidh - masc, snorcal agus culaith fhliuch. Míneoidh Cormac dó le hanálú ceart faoin uisce sula dtéann siad amach san fharraige. Beidh neart le feiceáil aige, portán mór ina measc.

  • 7:30PM
    All Ireland Gold

    All Ireland GoldEipeasóid 8

    Deis súil siar a chaitheamh ar Chluiche Ceannais Iomána Laighean 1996 idir Loch Garman agus Uíbh Fhailí.

  • 9:00PM
    Glór Tíre - Rogha & Togha

    Glór Tíre - Rogha & ToghaSraith 9, Eipeasóid 2

    An dara clár de thogha agus rogha an naoú sraith de Ghlór Tíre. Beidh maithe agus móruaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe. Jimmy Buckley, Susan McCann, Derek Ryan, Stephen Smyth, Lorraine McDonald, John McNicholl, Gerry Guthrie, Lisa McHugh agus Mike Denver ina measc anocht.

  • 9:30PM
    Tabú (OS & TS)

    Tabú (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Cinneadh Cannabais

    An t-éileamh atá ar channabas míochaine in Éirinn a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Rachaidh Dáire Ní Chanáin ar thuras pearsanta lena fháil amach an bhfuil bunús ar bith leis an tuairim gur leigheas é cannabas ar go leor tinneas agus an féidir le CBD, cineál cannabais atá dleathach, cabhrú léi an ceann is fearr a fháil ar an ngalar dubhach agus ar imní.

  • 10:30PM
    The Rise and Fall of Tower Records (TS)

    The Rise and Fall of Tower Records (TS)

    Clár faisnéise faoi bhorradh agus faoi mheath Tower Records agus faoin oidhreacht atá fágtha ina dhiaidh - oidhreacht a chuir bunaitheoir míréireach an chomhlachta, Russ Solomon, tús leis.

  • 0:15AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 233

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:18AM
    Scannán: Wild Hearts

    Scannán: Wild Hearts

    (2006, Dráma) Richard Thomas, Nancy McKeon agus Hallee Hirsh na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Steve Boyum. Fágtar rainse capall i Montana le huacht ag Bob Hart agus bíonn sé breá sásta Los Angeles a fhágáil le bogadh ann. Bleachtaire é Bob atá ar a dhícheall ag iarraidh smacht a choinneáil ar a iníon míréireach ó bhásaigh a bhean chéile. Glacann Bob le post ina shirriam i Montana agus ní fada go dtuigeann sé nach bhfuil an tuath chomh ciúin agus a cheap sé.

  • 1:55AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 233

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.