Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Luain 23 Meán Fómhair

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 266

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 3

    Sú Úill

    Níl dada le déanamh ag Wheezy. Tá cat trioblóideach ag Fi agus tá an scioból lán go béal le húlla. Tá réiteach ag Tom ar na fadhbanna uilig.

  • 7:15AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 29

    Damba na mBéabhar

    Iarrann Wissper cúnamh ar Chian an crogall damba na mbéabhar a chríochnú. An mbeidh sé in ann smaoineamh ar phlean?

  • 7:22AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 29

    An tArrachtach Mooga

    Tá cúnamh ag teastáil ó scríbhneoir chun scéal nua a chumadh.

  • 7:33AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 16

    Olly an Tiománaí

    Bhí Lusaí in ainm an tUasal Dris a bhailiú ón stáisiún ach tá Stan agus Alice aici. Téann Olly chun é a bhailiú ach is fear an-chantalach go deo é!

  • 7:38AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 16

    Mistéir sa bhForaois

    Tuigeann na hulchabháin bheaga go mbíonn ainmhithe áirithe ag déanamh aithrise ar ainmhithe eile.

  • 7:49AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 16

    An Stiúrthóir ar Cuairt

    Ó tharla hairicín geallta, cuireann muintir Tearanódóin iallach ar an Stiúrthóir dul ar an bhfoscadh in éineacht leo ina bpluais don oíche.

  • 8:01AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 16

    Dot an Tréidlia

    Tá Dot agus Hal ag iarraidh aire mhaith a thabhairt do Scratch.

  • 8:13AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 16

    Cat an Phoist

    Tabharfaidh na piscíní cúnamh do chat an phoist bearta poist atá imithe amú a sheachadadh.

  • 8:20AM
    Seó Luna

    Seó LunaSraith 1, Eipeasóid 16

    Chomh láidir le Seangán

    Tá ionadh ar Luna, Jupiter agus Clyde go bhfuil seangáin bheaga bhídeacha in ann bia atá i bhfad níos mó ná iad féin a iompar. Cén chaoi a bhfuil siad in ann é sin a dhéanamh? Beidh ár gcairde ag foghlaim faoi shaol na seangán agus obair foirne inniu!

  • 8:32AM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 50

    Téigh Ag Eitilt sa Spéir, a Owlette

    Níl aon mhuinín ag Owlette as a cumas eitilte.

  • 8:45AM
    Dragain Florrie

    Dragain FlorrieSraith 1, Eipeasóid 16

    Puimcín Anraith

    Tá puimcín speisialta curtha ag Paiprice le hanraith blasta a dhéanamh as.

  • 8:55AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 16

    Tá an Oíche Ceart go Leor

    Tá sé in am codlata ach níl Monty ná Jimmy Jones tuirseach. Meas tú an le haghaidh codlata amháin an oíche?

  • 9:02AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 31

    Ceist an Damhsa

    Beidh deis ag Peg agus Cat dul ag damhsa in éineacht lena laoch, Misty Copeland, ach caithfidh Cat an ceann is fearr a fháil ar a eireaball ar dtús.

  • 9:15AM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 16

    Cóil ag Rang Júdó

    Tá Cóil ag súil le triail a bhaint as júdó agus buaileann sé leis an múinteoir júdó Noreen a thaispeánann dó a mbeidh ag teastáil uaidh - seaicéad, treabhsar agus crios. Taispeánann Niamh agus Aoife cleasa júdó do Chóil agus baineann sé an-taitneamh as. Múineann Noreen roinnt scileanna júdó dó agus baineann sé an-taitneamh as páirt a ghlacadh sa rang.

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 5, Eipeasóid 11

    Sraith ina dtugtar léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Casfar dhá iora rua bheaga orainn inniu, Jar Jar agus Bink. Thángthas orthu in éindí ar thalamh na foraoise gar do Bhlàr Ghobhraidh.

  • 10:00AM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 23

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 10:55AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 5, Eipeasóid 14

    The Godsister

    Airíonn Carrie uaithi go mór a hathair nuair a chaitheann sé féin agus Jonathon dul ag obair as baile go ceann roinnt seachtainí. Nuair nach mbíonn aon duine sásta am a chaitheamh in éineacht léi, samhlaíonn sí go bhfuil cara nua aici.

  • 12:15PM
    A Chef's Life (TS)

    A Chef's Life (TS)Sraith 1, Eipeasóid 10

    Tabharfaidh Vivian cuairt ar Tull Hill Farm, ceann de na feirmeacha prátaí milse is mó sa tír. Ullmhóidh sí féin, a máthair agus a neacht ionaim mhilse le hoideas a seanmháthar. Socraíonn sí bagún, sorgam agus cnónna péacáin a chur leo agus an mhias a chur ar an mbiachlár sa bhialann. Ag deireadh an chláir oibreoidh sí i gcomhar leis an ngrúdlann 'Mother Earth Brewing' chun dinnéar 'beoir agus prátaí milse' a eagrú.

  • 12:45PM
    Abair Amhrán (OS)

    Abair Amhrán (OS)Sraith 3, Eipeasóid 13

    Ceiliúradh ar amhráin a bhíodh againn ag éirí aníos.

  • 1:05PM
    Murder She Wrote (TS)

    Murder She Wrote (TS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    It's A Dog's Life

    Ní mó ná sásta atá muintir milliúnaí, a fuair bás, go bhfuil an chuid is mó dá eastát fágtha aige ag an madra.

  • 2:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 23

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 3, Eipeasóid 5

    Bréagadóir, Bréagadóir

    Tarraingítear Masha agus Panda isteach i gcomórtas caimiléireachta.

  • 3:09PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 6

    Trioblóid Pterodactyl Owlette

    Ní mó ná sásta atá Owlette le Catboy.

  • 3:21PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 56

    Bóín Dé Cróga

    Ní mó na sásta atá Nóinín go bhfuil poill ar dhuilleoga a cuid rósanna.

  • 3:33PM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 19

    An Phiongain

    Tabharfaidh Úna Ní Fhlatharta cuairt ar scoileanna ar fud na tíre chun scéalta a bhailiú agus chun cabhrú leis na daltaí óga tabhairt faoi thograí móra ealaíne bunaithe ar charachtair agus ar théamaí na scéalta. Ar Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin i gCo. na Gaillimhe a thabharfaidh Úna cuairt inniu chun scéal faoi Phiongain a chur lena bailiúchán scéalta. Beidh an-spraoi aici in éineacht lena cairde beaga ag déanamh piongainí dá gcuid féin. Bíonn píosa spraoi acu sa rang nuair a dhamhsaíonn siad an liombó sula n-insíonn siad an scéal 'An Phiongain'.

  • 3:44PM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 30

    Joey ag Feirm na bPeataí

    Tabharfaidh Joey cuairt ar fheirm peataí inniu agus buailfidh sé le Connie a thaispeánfaidh dó a mbeidh ag teastáil uathu inniu - buataisí, bia do na hainmhithe, pionsúirín agus buicéad lán le bia. Cuirfidh Joey air a chuid buataisí agus a sheaicéad. Beidh sé ar an bhfeirm ag tabhairt bia do na hainmhithe éagsúla in éineacht le Connie.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 ar maidin ag an deireadh seachtaine agus ón 4 tráthnóna ó Luan go Satharn. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Dónall Dána, Camp Lakebottom, Harvey Beaks, Na Dúlradóirí, Aifric agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! & the Chipmunks

    Alvinnn !!! & the ChipmunksSraith 3, Eipeasóid 6

    Tugtha!

    Mar chuid dá rang síceolaíochta, tugann Jeanette dúshlán do na Chipmunks. Caithfidh siad trí huaire a chaitheamh i seomra leo féin gan méar a leagan ar na rudaí is ansa leo. Mura n-éireoidh leo, ní bhfaighidh siad na rudaí sin ar ais go deo!

  • 4:14PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 4, Eipeasóid 6

    Dónall Dána agus na Yó-yóanna

    Caithfidh Dónall a chuid yó-yóanna a shábháil ón gcófra coigiltis.

  • 4:26PM
    Clarence

    ClarenceSraith 1, Eipeasóid 6

    Ag Fanacht Thar Oíche le Belson

    Tá cóisir oíche á heagrú ag Belson agus cluiche aisteach mar chuid di. Tá sé chun cleasa a imirt ar na buachaillí agus gheobhaidh an té a thiocfaidh slán a chonsól cluichí: an Acedia 64.

  • 4:37PM
    Spongebob Squarepants (GS)

    Spongebob Squarepants (GS)Sraith 11, Eipeasóid 6

    Ná Tóg Pictúir Le Do Thoil

    Téann Patrick agus turasóir ar camchuairt timpeall Bikini Bottom. Bíonn eagla ar Spongebob teacht anuas de dhíon an Krusty Crab.

  • 5:05PM
    WAC (OS)

    WAC (OS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Grossest

    Bí faoi réir! Tá Tomaí, Éadaoin agus Caoimhe ag fáil faoi réir le dul i ngleic leis na hainmhithe is déistiní ar domhan.

  • 5:32PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 266

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:35PM
    Irish Paint Magic

    Irish Paint MagicSraith 18, Eipeasóid 13

    Typical Irish Scene

    Sraith le David Willis. Radharc de chapaill á dtabhairt chuig an gcrúdóir le crúite a chur orthu sna 1940idí is ábhar do phéintéireacht an lae inniu.

  • 6:05PM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 5, Eipeasóid 11

    Women of Questionable Morals

    Sraith ghrinn drámaíochta. Ní mó ná sásta a bhíonn Rory nuair a thagann Christopher ar cuairt chuici ag Ollscoil Yale, ag iarraidh déanamh mór léi. Tugann Lorelai cuairt ar Christopher ar chloisteáil go bhfuair a athair bás ach ní insíonn sí do Luke é.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 266

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 24, Eipeasóid 266

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    An Lá a Rugadh Mé (OS & TS)

    An Lá a Rugadh Mé (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 9

    Moya Brennan

    Sraith ina dtagann pearsa aitheanta ar eolas faoi imeachtaí a thit amach in Éirinn an lá ar saolaíodh iad. Scrúdóidh an té sin na nuachtáin a foilsíodh an lá a rugadh é agus roghnóidh trí scéal le fiosrú. Rachaidh an t-aoi ar aistear ar thóir breis eolais faoi na scéalta agus chun cainte le daoine a thabharfaidh léargas breise dó orthu. Fiosróidh an t-amhránaí Moya Brennan trí scéal iontacha a bhí sna nuachtáin an lá a rugadh í.

  • 8:00PM
    GAA 2019

    GAA 2019Sraith 19, Eipeasóid 34

    Buaicphointí na mbabhtaí éagsúla i gCraobhchomórtais Iomána agus Peile na gClubanna.

  • 9:00PM
    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)

    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)Sraith 12, Eipeasóid 2

    Rogha agus togha an dara sraith déag de Ghlór Tíre. Beidh móruaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht beidh Jimmy Buckley, Mick Flavin, John McNicholl, Patrick Feeney, Shawn Cuddy, Lee Matthews, Sandy Kelly agus Justin McGurk.

  • 9:30PM
    Scannán: Tigerland (OS & TS)

    Scannán: Tigerland (OS & TS)

    (2000, Dráma, Cogadh) Colin Farrell, Matthew Davis agus Clifton Collins Jr. na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Joel Schumacher. Tá diantraenáil ar bun ag saighdiúirí coise ag Fort Polk, nó 'Tigerland', i Louisiana, sula rachaidh na mílte acu go Vítneam i 1971.

  • 11:20PM
    Racht (OS & TS)

    Racht (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 4

    Violet Gibson

    Sraith 6 chlár ina scrúdófar dúnmharuithe ón am atá caite, féachaint lena gcúlra a thabhairt chun suntais agus tuiscint a fháil ar na cúiseanna a bhí leo agus a dtionchar ar na daoine a bhain leis an scéal. Sa Róimh sa mbliain 1926 rinne Violet Gibson, bean de bhunadh Bhaile Átha Cliath, iarracht an Príomh-Aire conspóideach Benito Mussolini (Il Duce) a fheallmharú. Theip uirthi agus nuair a tugadh a cás chun cúirte mheas daoine áirithe gur polaitíocht a spreag í, antoisceachas reiligiúin a cheap daoine eile agus chreid go leor gur amhlaidh a bhí sí as a meabhair.

  • 11:50PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 266

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 11:52PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    A Proportional Response

    Faigheann tuairisceoir amach faoin gcaidreamh a bhí ag Sam le striapach ach nuair a thugann C.J scéal mór eile dó ina áit socraíonn sé gan scéal Sam a scríobh. Féachann an tUachtarán agus a chuid comhairleoirí le díoltas a bhaint amach ar sceimhlitheoirí.

  • 0:45AM
    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & TS)

    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 30

    Blanka Vlasic / Ezekiel Kemboi / Paula Radcliffe / Michael Johnson

    Ceathrar sárlaochra raoin agus faiche a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo - Blanka Vlasic na Cróite, léimneoir ard, Ezekiel Kemboi na Céinia, Paula Radcliffe, an reathaí maratón agus Michael Johnson a bhfuil éacht Oilimpeach déanta aige nár tháinig aon duine gar fós dó.

  • 1:15AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 266

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.