Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Máirt 22 Deireadh Fómhair

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 295

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 24

    Breithlá Fi

    Tar éis di lá an-chrua a chur isteach, faigheann Fi bronntanas breá dá lá breithe a bhuíochas sin do Tom.

  • 7:15AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 50

    Chomh Gleoite le Muc

    Níl Mairéad an Mhuc ag iarraidh dul ag damhsa ag an gcóisir samhraidh. An mbeidh Wissper agus a cairde in ann cúnamh a thabhairt di?

  • 7:22AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 50

    Rása na nArrachtach

    Ní fada go mbeidh rás mór bacainní san óstán agus tugann Phoebe cúnamh do Elmo lena chuid traenála!

  • 7:33AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 37

    Olly an Bleachtaire

    Cé atá ag goid na mbananaí ó Iníon Florette agus ó mhuintir an bhaile? An mbeidh Stan agus Olly in ann breith ar an ngadaí?

  • 7:38AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 11

    Bia na Foraoise

    Faigheann na hulchabháin bheaga amach faoin mbia a itheann ainmhithe éagsúla.

  • 7:49AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 17

    Turas ar Bhád Abhann: Cuid a 1

    Téann Muintir Tearanódóin ar thuras ar Bhád Abhann Thraein na nDineasár!

  • 8:01AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 37

    Ag Súil le hUibheacha

    Tá Dot ag súil go mór leis na huibheacha a bhéarfaidh a cuid cearc.

  • 8:13AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 37

    Féileacán

    Tá Milseog sa tóir ar fhéileacán speisialta.

  • 8:20AM
    Seó Luna

    Seó LunaSraith 1, Eipeasóid 37

    Scéal na nEireaball

    Tá Luna fiosrach faoi go bhfuil eireaball ar ainmhí agus nach mar a chéile an t-eireaball a bhíonn ar ainmhí seachas a chéile. Tá na cairde le sionnaigh, moncaithe agus ioraí a dhéanamh díobh féin inniu chun freagraí na gceisteanna seo a aimsiú.

  • 8:32AM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 19

    Ag tabhairt aire do Gekko

    Níl Gekko sásta cúnamh ar bith a ghlacadh óna chairde.

  • 8:45AM
    Dragain Florrie

    Dragain FlorrieSraith 1, Eipeasóid 37

    Nóiníní Ceoil

    Tá Toot-Toot ag iarraidh fonn nua a mhúineadh do na nóiníní ceoil.

  • 8:55AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 37

    Ciúnas do Stan

    Tá slaghdán ar Stan agus caithfidh Monty agus Jimmy Jones dul ag spraoi go ciúin.

  • 9:02AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 2

    Ceist an Mardi Gras

    Caithfidh Peg agus Cat a bheith in ann nótaí ceoil a léamh má tá siad le seisiún jeamála a bheith acu le Billie Holiday ag an Mardi Gras.

  • 9:15AM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 13

    Ríona ag Foghlaim Peil Ghaelach

    Tá Ríona ar bís chun tabhairt faoin bpeil Ghaelach. Buailfidh sí leis an bpeileadóir Aoife agus taispeánfaidh sí di a mbeidh ag teastáil uaithi - bróga peile, liathróid agus culaith reatha. Cuirfidh Ríona uirthi a culaith reatha agus déanfaidh sí féin agus Aoife roinnt aclaíochta ar dtús. Múinfidh Aoife roinnt scileanna do Ríona. Gheobhaidh Ríona deis a bheith ina báireoir agus bíonn sí an-sásta nuair a éiríonn léi féin cúl a scóráil ar Aoife.

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Sraith ina dtugtar léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Tá colúr sáinnithe i gclós tionóntáin i nGlaschú. Cé chomh deacair agus a bheidh sé greim a fháil air agus é a scaoileadh saor?

  • 10:00AM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 14

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 10:55AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 6, Eipeasóid 11

    Author, Author

    Bogann athair Caroline isteach le muintir Ingalls tar éis bhás a mhná céile. Cuireann Charles ina luí air leabhar a scríobh sa gcaoi is nach n-aireoidh sé chomh uaigneach.

  • 11:50AM
    Abair Amhrán (OS)

    Abair Amhrán (OS)Sraith 3, Eipeasóid 1

    Ceiliúradh ar amhráin a bhíodh againn ag éirí aníos, amhráin a bhí ag ár muintir romhainn.

  • 12:05PM
    A Chef's Life (TS)

    A Chef's Life (TS)Sraith 3, Eipeasóid 4

    Pickle Perfect

    Tabharfaidh Vivian cuairt ar Nancy, cara léi, le béile a chaitheamh léi - íosfaidh siad picilí baile, sailéad sicín agus císte seacláide. Cuirfidh sí féin agus Ben cócaire nua faoi agallamh chun post Ben a líonadh ionas go mbeidh seisean in ann briseadh a ghlacadh ón mbialann agus dul ag obair ar a chuid ealaíne.

  • 12:35PM
    Bia 's Bóthar (OS)

    Bia 's Bóthar (OS)Sraith 1, Eipeasóid 10

    Cill Channaigh

    Sraith faoi chúrsaí bia. Rachaidh Éamonn Ó Catháin chuig Contae Cill Chainnigh. Rachaidh sé ag caitheamh crécholúir agus tabharfaidh sé cuairt ar dhéantóir seacláide i nDroichead Beinéid.

  • 1:05PM
    Murder She Wrote (TS)

    Murder She Wrote (TS)Sraith 2, Eipeasóid 4

    School For Scandal

    Caithfidh Jessica cás inar dúnmharaíodh scríbhneoir eile a fhiosrú.

  • 2:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 14

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Lá Le Mamó nó Daideo (GS)

    Lá Le Mamó nó Daideo (GS)Sraith 1, Eipeasóid 11

    Mamó Maggie agus Martha

    Tá Martha leis an lá a chaitheamh in éineacht lena Mamó Maggie. Rachaidh siad chuig an ngruagaire ar dtús mar go bhfuil coinne ag Mamó. Tabharfaidh Martha cúnamh do Bridie an gruagaire gruaig Mhamó a ní agus a thriomú. Ansin rachaidh siad ar ais tigh Mhamó agus taispeánfaidh Mamó do Martha conas trilseán a chur i ngruaig a bábóige agus cuirfidh sí ceann i ngruaig Martha ansin.

  • 3:09PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 28

    Cara Cleiteach Owlette

    Tá Owlette ag iarraidh peata ach an bhfuil sí réidh chuige?

  • 3:21PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 77

    Clampar ar an bhFarraige-Cuid 1

    Imíonn an tUasal Ó Gríofa le sruth i dtreo na farraige agus féachann Cat Cliste agus a chairde len é a fháil ar ais.

  • 3:33PM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 40

    Leroy

    Glacann Úna sos beag ar bhruach na habhann sula dtugann sí cuairt ar a cairde i Scoil Náisiúnta Cholmcille i Leitir Móir, Co. na Gaillimhe áit a bhfuil scéal acu di faoi chat darb ainm Leroy. Bíonn an-lá acu le chéile i mbun na cruthaitheachta agus suíonn siad ar fad síos ansin in éineacht chun cluas a thabhairt don scéal iontach seo.

  • 3:44PM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 51

    Cóil ag Iascaireacht

    Tá Cóil leis an lá a chaitheamh ar an bhfarraige in éineacht le Micheál inniu. Bainfidh Cóil triail as an mbád a stiúradh leis an roth. Ansin féachfaidh Cóil agus Micheál le gliomaigh agus portáin a ghabháil i bpotaí. Múinfidh Micheál do Chóil leis an dorú a úsáid. Beidh lá spéisiúil ag Joey ar bord an Síle May.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 ar maidin ag an deireadh seachtaine agus ón 4 tráthnóna ó Luan go Satharn. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Dónall Dána, Camp Lakebottom, Harvey Beaks, Na Dúlradóirí, Aifric agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! & the Chipmunks

    Alvinnn !!! & the ChipmunksSraith 3, Eipeasóid 27

    Oíche Mhór na gCailíní

    Tuigeann Dáithí nach bhfuil sé chomh aclaí is a cheap sé nuair a théann sé ag siúlóireacht leis na Chipettes.

  • 4:14PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 4, Eipeasóid 27

    Peigí Pusach mar Uachtarán

    Tá Peigí Pusach ag iarraidh a bheith ina huachtarán.

  • 4:26PM
    Clarence

    ClarenceSraith 1, Eipeasóid 7

    Oíche Dé hAoine

    Nuair a fheiceann Clarence a mhúinteoir scoile in éineacht le fear i mbialann áitiúil ní mhothaíonn sé go bhfuil an dara rogha aige ach cuir isteach uirthi.

  • 4:37PM
    Spongebob Squarepants (GS)

    Spongebob Squarepants (GS)Sraith 10, Eipeasóid 1

    Inchinní ar Strae & Drárs Mhasc Mara

    Tá Spongebob agus Patrick an-tógtha le cluiche nua - a n-inchinní féin a chur ag eitilt mar a bheadh dróin ann. Bíonn an-spraoi ag Spongebob agus Patrick ag spraoi Masc Mara agus Bearnaí Bairneach go dtí go mbuaileann siad lena naimhde.

  • 5:05PM
    Mo Shaol Do Shaol (GS)

    Mo Shaol Do Shaol (GS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Sraith ina mbabhtálfaidh beirt, nach bhfuil cosúlacht ar bith acu lena chéile, an saol mar a chaitheann siad é ar feadh aon lá amháin. Beidh dúshlán mór le tabhairt i gcrích freisin acu faoi dheireadh an lae. D'fhéadfadh nach mbeadh spéis dá laghad (ná aon eolas!) ag na rannpháirtithe ar chaitheamh aimsire a chéile ach ní bheidh aon rogha acu ach bualadh faoi agus foghlaim go sciobtha - beidh torthaí spleodracha i gceist. Muireann, an saineolaí ióga, a bheidh ag babhtáil leis an bhfeirmeoir óg Patrick inniu.

  • 5:19PM
    Adventure Time

    Adventure TimeSraith 1, Eipeasóid 6

    Tamhain Chrainn

    Rachaidh Finn agus Jake isteach i bhForaois an Oilc le Tamhain Chrainn.

  • 5:32PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 295

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:35PM
    Seoda Bhailiúchán na Scol (OS & TS)

    Seoda Bhailiúchán na Scol (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Grá & Pósadh

    Is é 'Bailiúchán na Scol' an bailiúchán béaloidis is mó a rinneadh riamh in Éirinn. Bhailigh leanaí scoile as 5000 bunscoil beagnach leathmhilliún leathanach d'ábhar béaloidis óna muintir & óna gcomharsana idir 1937 agus 1939. Sa chéad chlár den tsraith, rachaidh Aengus Mac Grianna, iar-láithreoir nuachta le RTÉ, ag tochailt i mBailiúchán na Scol le heolas a chur ar shean-nósanna a bhain le grá agus pósadh. Rachaidh sé chuig cóisir do dhaoine singil, chuig cleachtadh bainise daonnachaí agus labhróidh sé le daoine ó thíortha éagsúla faoi nósanna pósta ina dtíortha féin. Arna léiriú ag Aniar TV.

  • 6:05PM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 6, Eipeasóid 10

    He's Slippin' Him Bread...Dig?

    Sraith ghrinn drámaíochta. Filleann Christopher, athair Rory, ar Star Hollows. Déanann Rory agus Lorelai ceiliúradh ar an gcéad Lá an Altaithe san óstán agus faigheann Rory scéala a chuireann iontas uirthi faoi Logan. Tá éad ar Zack faoin amhrán a scríobh Brian faoi Lane.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 295

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 24, Eipeasóid 295

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    7 Lá

    7 LáSraith 17, Eipeasóid 29

    Clár cúrsaí reatha seachtainiúil TG4. Déanfar scagadh agus plé ar scéalta nuachta atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe scéalta réigiúnacha agus Gaeltachta.

  • 8:00PM
    Gaeil UK (OS & TS)

    Gaeil UK (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    I lár tíre sa mBreatain a bheidh Seán Mac an tSíthigh an tseachtain seo. Casfaidh sé le pobal mór Éireannach ansin agus cuirfidh eolas ar na líonraí tacaíochta atá ar fáil do mhuintir na hÉireann is mó atá ar an ngannchuid. Le linn do Sheáin a bheith i Birmingham cuirfidh sé eolas ar an traidisiún fada a bhain le mná na hÉireann a bheith ag obair san NHS agus an méid a rinne siad a chuir athrú ar an meon a bhí ann i leith na nÉireannach sna 70í. Casfaidh Seán le fear ar éirigh leis a aisling a bhaint amach agus sacar a imirt go gairmiúil i Sasana.

  • 8:30PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 24, Eipeasóid 15

    Is í Berni a fhaigheann an litir faoi mhac Bobbi Lee. Socraíonn sí gan an litir a thabhairt di ar mhaithe leis an bpáiste a chosaint ó Andy. Féachann Pádraig le rudaí a chur ina gceart le Katy. Insíonn Charlie bréag do Cholm nuair a deir sí nach bhfuil Mo ag iarraidh go mbeadh sí ar an mbainis. Níl Caitríona ná Vince ar aon intinn faoin rud is fearr do Maeve.

  • 9:00PM
    Glór Tíre - Rogha & Togha

    Glór Tíre - Rogha & ToghaSraith 9, Eipeasóid 4

    Rogha agus togha an naoú sraith de Ghlór Tíre. Beidh móruaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht beidh Jimmy Buckley, Susan McCann, Derek Ryan, Stephen Smyth, Lorraine McDonald, John McNicholl, Gerry Guthrie, Lisa McHugh agus Mike Denver ag gabháil fhoinn.

  • 9:30PM
    Opry le Daniel (OS & TS)

    Opry le Daniel (OS & TS)Sraith 7, Eipeasóid 7

    Rita Coolidge

    Tá Daniel O'Donnell ar ais i bhFóram na Mílaoise chun 'Opry le Daniel' a chur i láthair. Is í Rita Coolidge, a bhí pósta ag Kris Kristofferson agus a bhain cáil amach lena cuid ceoil féin, a bheidh i gcuideachta Daniel ar an gclár seo. Casfaidh sí cúpla amhrán aisti féin agus in éineacht le Daniel freisin.

  • 10:30PM
    Orange Is the New Black (TS)

    Orange Is the New Black (TS)Sraith 4, Eipeasóid 1

    Work That Body For Me

    Mar gheall ar shárú slándála agus cuid mhaith príosúnaigh nua, cuireann Caputo fios ar na piardaí móra.

  • 11:30PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 24, Eipeasóid 15

    Is í Berni a fhaigheann an litir faoi mhac Bobbi Lee. Socraíonn sí gan an litir a thabhairt di ar mhaithe leis an bpáiste a chosaint ó Andy. Féachann Pádraig le rudaí a chur ina gceart le Katy. Insíonn Charlie bréag do Cholm nuair a deir sí nach bhfuil Mo ag iarraidh go mbeadh sí ar an mbainis. Níl Caitríona ná Vince ar aon intinn faoin rud is fearr do Maeve.

  • 0:00AM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 1, Eipeasóid 11

    Lord John Marbury

    Iarrann Bartlet ar an Tiarna John Marbury, iar-ambasadóir chuig an Deilí Nua agus fear a bhfuil an-eolas aige ar an India, cúnamh a thabhairt nuair a dhéanann an India ionradh ar an gCaismír. Cuireann grúpa poblachtach i leith an Tí Bháin gur thug siad faoi fhiosrúchán dá gcuid féin maidir le baill foirne a bheith ag úsáid drugaí. Tá suim ag iníon Bartlet i Charlie ach tá imní ar an Uachtarán nach ró-shásta a bheidh daoine faoi.

  • 0:50AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 295

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:55AM
    Fíorscéal (OS & TS)

    Fíorscéal (OS & TS)Sraith 20, Eipeasóid 6

    Is Mise an Réabhlóid

    Clár faisnéise faoi thriúr ban díograiseacha sa Mheánoirthear atá ag troid ar son comhionannas agus saoirse do mhná - Selay, polaiteoir san Afganastáin, a chuireann mná eile sa tír ar an eolas faoina gcuid ceart. Yanar atá ag troid le hathrú a chur ar an bparlaimint san Iaráic agus a ritheann ionad dídine do mhná ar baineadh mí-úsáid astu agus Rojda, ceannasaí in Arm Daonlathach na Siria.

  • 2:00AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 295

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.